Aitheantas á lórg ag an Spáinn don Chatalóinis, don Bhascais agus don Ghailísis san Aontas Eorpach

Domhnall Mac Concharraige

Tá 24 teanga oifigiúil ag an Aontas Eorpach. Ciallaíonn sé sin gur gá cáipéisí oifigiúla a bheith ar fáil sna teangacha sin agus go bhfuil sé de cheart ag feisirí ó na tíortha sin labhairt sna teangacha sin i bParlaimint na hEorpa. Rinne an Spáinn iarracht in 2023 aitheantas a fháil don Chatalóinis, don Bhascais agus don Ghailísis mar mhiontheangacha Eorpacha, ach theip orthu comhaontú a fháil sa Pharlaimint. Theip orthu arís Dé Luain seo caite comhaontú a fháil tar éis iarracht ag príomhaire na tíre Pedro Sanchez aitheantas a fháil do na mionteangacha sa Spáinn.

Labhraíonn idir 40 agus 50 milliúin duine 60 teanga ar fud na hEorpa ach níl aitheantas ach ag 24 ceann de na teangacha sin.

Is é an fáth nach bhfuil gach mórtheanga agus mionteanga aitheanta ag an Aontas Eorpach ná nach n-aithníonn na ballstáit iad mar theangacha oifigúla. Tugann an stádas seo cead do bhaill pharlaiminte iad a úsáid mar theanga oibre agus iad sa Bhruséil.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.