Agóid ag léiriú dlúthpháirtíocht leis an bPalaistín i Cill Dara ag Powell Electronics

Kerron Ó Luain

Chuaigh dream gníomhaithe ar son na Palaistíne i mbun agóide lasmuigh de Powell Electronics, atá lonnaithe i gClaonadh, Co. Chill Dara, i rith na seachtaine. Tháinig sé chun solais, trí iniúchadh a rinne The Ditch, gur sheol an comhlacht páirteanna go Elbit Systems Cyclone, monarcha atá lonnaithe in Karmiel in Iosrael.

Tá cáil ar Elbit Systems mar cheann de na soláthraithe is mó d’arm Iosrael. Líomhnaítear i dtuairisc in The Ditch gur sheol Powell Electronics páirteanna a d’fhéadfaí a úsáid do scairdeitleáin F-35 agus F-16.

Sheas roinnt gníomhaithe lasmuigh den mhonarcha Dé Máirt agus é i gceist acu seachadadh ón láthair a bhlocáil dá mba ghá.

Chuaigh An Páipéar i dteagmháil le Powell Electronics. Cuireadh ceist ar an urlabhraí a d’fhreagair an guthán ar mhaith leis ráiteas a thabhairt faoin agóid a bhí ar bun lasmuigh den mhonarcha. Dúirt siad “go bhfaca mé daoine ina seasamh taobh amuigh, ach ní heol dom cén fáth go bhfuil siad ann. Cúis éigin bainteach leis an bPalaistín, is dócha”.

Shéan an t-urlabhraí céanna go raibh aon eolas acu ar Elbit Systems. Dúirt siad, “déanann muidne innill leictreonacha agus táimid anseo le caoga bliain”.

Nuair a cheistigh An Páipéar iad faoi pháirteanna do scairdeitleáin F-35 agus F-16 a sheoltar go monarcha dhéantúsaíochta Elbit Systems, mhaígh sé “nach raibh aon eolas aige ar a mbíonn ar siúl ag Elbit Systems”. 

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.