Tríocha bliain ó shin, maraíodh na céadta sibhialtach in Samashki sa tSeisnia nuair a rinne fórsaí na Rúise ionsaí ar an sráidbhaile le linn Chéad Chogadh na Seisnia.
Ar feadh cúpla céad bliain, ó d’éirigh le hImpireacht na Rúise ceannas a fháil ar an tSeisnia, bhí gluaiseachtaí saoirse éagsúla sa tSeisnia. Agus Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha ag titim as a chéile in 1991, toghadh rialtas sa tSeisnia a d’fhógair neamhspleáchas don tír. Bhí teannas leanúnach idir é agus rialtas na Rúise, a bhí faoi cheannas Boris Yeltsin.
Tháinig an scéal go cnámh na huillinne i ndeireadh 1994 nuair a rinne an Rúis ionradh fíochmhar ar phríomhchathair na Seisnia, Grozny. Chreid rialtas na Rúise gur bhain an tSeisnia lena réimse tionchair féin. Mhaígh siad go raibh leatrom á imirt ar Rúisigh sa tír, agus dúirt Yeltsin go raibh ceannairí na tíre cosúil le Naitsithe.

Cheap an Rúis gur ghearr go bhfaighdeadh a gcuid fórsaí an ceann is fearr sa tír bheag seo, agus maraíodh na mílte sna ruathair thosaigh. Sheas na Seisnigh an fód, áfach, agus níorbh fhada go raibh sé ina chogadh dearg agus íobartaigh ar an dá thaobh ag dul i líonmhaire go tiubh.
In Aibreán 1995 bhí cath géar ar siúl thart ar Samashki, atá fiche míle siar ón bpríomhchathair. Tar éis é a chur faoi léigear, thug ginearáil na Rúise fógra deiridh, agus tharraing na trodairí Seisneacha as an áit de bharr brú ó sheanóirí an tsráidbhaile. Ar an 7 Aibreán, áfach, chuaigh fórsaí speisialta na Rúise isteach leis an áit a thabhairt faoina smacht.
Chuaigh siad ó theach go teach, agus mharaigh siad neart sibhialtach ar an toirt. Chaith siad gránáidí isteach i dtithe a raibh daoine i bhfolach iontu, agus chuir siad foirgnimh trí thine le teilgeoirí lasrach. Cé go ndearna muintir na háite iarracht troid ar ais, ba bheag a bhí ar a gcumas agus níor cailleadh ach dornán saighdiúirí Rúiseacha.
D’fhág na saighdiúirí an áit an lá dár gcionn, ag pléascadh scoil na háite roimh imeacht dóibh. Thug siad na céadta daoine leo mar phríosúnaigh, a mhaígh gur buaileadh agus gur céasadh iad. Tugadh a lán tuairiscí go ndearna saighdiúirí éigniú go oscailte ar mhná.
Go ceann roinnt laethanta, níor lig siad aon duine isteach le cóir leighis a chur ar dhaoine gortaithe, agus bhásaigh tuilleadh dá bharr sin. Nuair a fuair an Chros Dhearg agus iriseoirí cead isteach, bhí corpáin loiscthe agus tithe scriosta rompu mar fhianaise ar an ár.
Ba é an meastachán ab ísle ag lucht ceart daonna gur maraíodh 112 duine. Rinne an Chros Dhearg amach gur cailleadh 250 duine sa sléacht, agus chreid Amnesty go raibh oiread agus trí chéad marbh dá thoradh. Bhain an scéal de cheiliúradh na Rúise ar an mbua a fuair sí ar an nGearmáin Naitsíoch leathchéad bliain roimhe sin.
Ghéill roinnt sráidbhailte eile do na Rúisigh tar éis an uafáis in Samashki, agus ionsaíodh an áit aríst an bhliain dár gcionn. Bhí míshásamh leis an gcogadh ag méadú sa Rúis féin, áfach, agus na mílte saighdiúirí marbha ag teacht abhaile. Tar éis d’fhórsaí na Seisnia an phríomhchathair a athghabháil an bhliain sin, aontaíodh sos cogaidh agus tharraing trúpaí na Rúise as an tír. In 1997 rinne an Rúis agus an tSeisnia conradh síochána.
Ba ghearr an seal a thug sin, áfach. D’ionsaigh an Rúis an tSeisnia arís in 1999 agus lean cogaíocht bhrúidiúil ar feadh deich mbliana gur tugadh an tír faoi cheannas na Rúise in athuair.
Tharla sléacht Samashki ar an 7 agus an 8 Aibreán 1995, tríocha bliain ó shin i mbliana.