Bhaist Donald Trump Lá an tSaortha ar an 2 Aibreán 2025 agus é ag ullmhú chun taraifí nua a chur i bhfeidhm an tseachtain seo caite. Le seachtain anuas tá alt i ndiaidh ailt sna meáin ag plé a bhfuil i ndán mar gheall ar na taraifí nua. Ag 4 p.m. am Washington DC ar an 2 Aibreán bhailigh na meáin agus baill den rialtas sa Ghairdín Rósanna os comhair an Tí Bháin chun éisteacht le Trump ag tabhairt óráide sular shínigh sé ordú feidhmiúcháin ag tabhairt taraifí nua isteach.
D’fhógair Trump ceann de na chéad taraifí san óráid sular shínigh sé an t-ordú. D’fhógair sé go mbeadh méadú 25% ar iompórtáil gluaisteán a dhéantar thar lear. Dár leis, spreagfaidh sé seo mótarthionscal na Stát Aontaithe agus beidh laghdú ar iompórtáil gluaisteán.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!