Creid é nó ná creid, ach tá Riverdance ag comóradh tríocha bliain a bhunaithe i mbliana.
Bhí an Eoraifís á hóstáil in Éirinn ar an 30 Aibreáin 1994 in The Point Theatre. Sin an chéad uair a taispeánadh Riverdance. Siamsaíocht sosa san Eoraifís ba ea é. Ní raibh an damhsa ach seacht nóiméad ar fad. Ba í Moya Doherty an léiritheoir agus ba é John McColgan an stiúrthóir. D’oibrigh Michael Flatley, Jean Butler, agus Mavis Ascott le chéile chun dóiréagrafaíocht an damhsa a dhéanamh. Chum Bill Whelan an ceol don taispeántas.
Bhí níos mó ná trí chéad milliún sa lucht féachana san Eoraip ag breathnú ar an taispeántas. Coincheap nua a bhí ann, le meascán de cheol traidisiúnta agus nua-aimseartha, córchantain, agus rince Gaelach a cuireadh le chéile i mbealach nach bhfacthas riamh roimhe.