
Níl ach leath d’aithreacha stát na 26 contae ag baint leas as saoire atharthachta agus glacann an ceathrú cuid d’fhir saoire thuismitheora i gcomparáid le dhá thrian de na máithreacha.
Léirigh taighde i dtuarascáil ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas agus ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta go bhfuil rátaí glactha na sochar fós íseal, cé gur beart dearfach é gur tugadh a leithéid isteach.
Iarrtar sa tuarascáil freisin go dtabharfaí aghaidh ar an éagothroime struchtúrach idir mná agus fir, agus deirtear go gcaithfidh Éire caidreamh nua a aimsiú idir fostaíocht íoctha, obair chúraim agus róil inscne.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!