
Bhí Molly Brant (c.1736-1796) ar dhuine de na mná dúchasacha ba mhó le rá i stair Mheiriceá Thuaidh san ochtú aois. Bhí sí ina taidhleoir agus ina straitéisí polaitiúil agus ar dhuine de chuid na matrarcachta dúchasaigh. D’fheidhmigh sí ag am a raibh coilíniú thíortha na hEorpa ag dul i dtreis i Meiriceá Thuaidh. Bhí flaitheas threabh na Haudenosaunee i mbaol i rith na tréimhse seo agus bhí ar Brant dul i ngleic leis na hionsaithe sin. Is náisiún bundúchasach iad na Haudenosaunee a mhaireann i Stát Nua-Eabhrac sa lá atá inniu ann. Bhí ról lárnach ag Brant i gCónaidhm na Haudenosaunee, sochaí a bhí bunaithe ar riail mhatrarcachta, gaois éiceolaíochta agus an daonlathas rannpháirtíoch ag dul i bhfad siar roimh theacht na nEorpach.
Tá Scéal Cruthaithe ag na Haudenosaunee a deir gur tháinig Bean Spéire anuas ón Domhan Uachtarach ar dhroim turtair. Chabhraigh ainmhithe na n-uiscí titim Bhean Spéire a mhaolú. Rug ealta ealaí uirthi agus leag siad í ar dhroim turtair. Thóg an muscfhrancach an domhan aníos ó bhun an uisce agus cuireadh é ar dhroim an turtair, rud a d’fhás isteach i Meiriceá Thuaidh. Is é seo an fáth go nglaonn cuid de bhundúchasaigh Mheiriceá ‘Oileán an Turtair’ ar an ilchríoch sin.
Is léiriú ar an nasc láidir leis an talamh atá ag na Haudenosaunee é an scéal sin. Deirtear go bhfuil an chónaidhm idir náisiúin Móháic, Oneida, Onondaga, Seneca agus Cayga ar cheann de na daonlathais rannpháirtíochta is sine ar domhan. Tháinig na Tuscarora isteach ar an gcónaidhm san ochtú haois déag nuair a dhíbir coilínigh as North Carolina iad.