Tá póir éagsúla de mhadraí timpeall an domhain, ach céard iad na póir atá in Éirinn agus céard é an béaloideas a bhaineann leo?
Tá thart ar 360 pór éagsúla de mhadraí timpeall an domhain. In Éirinn tá 9 bpór dhúchasacha againn: brocaire Uí Mháil, an brocaire buí, an brocaire gorm, an madra gearr, an sotar rua, an cú faoil, an sotar rua is bán, an pocadán agus an spáinnéar uisce.
Brocaire Uí Mháil
Is é brocaire Uí Mháil an t-aon phór ó Éirinn atá abhcach. Forbraíodh an pór seo chun dul i mbun seilge go ciúin. Deirtear gur chruthaigh sliocht shaighdiúirí Chromail an pór seo i nGleann Ó Máil. Is é an pór Éireannach is annaimhe é
An Brocaire Buí
Deirtear gur féidir go bhfuil an brocaire buí ar an bpór Éireannach is sine. Ach is é an pór is déanaí a aithníodh mar phór Éireannach go hoifigiúil. Níor aithin Club Conchró na hÉireann an pór seo mar phór Éireannach go dtí 1937. Is é an pór Éireannach is coitianta agus dá bhrí sin is é an t-aon phór Éireannach nach bhfuil i mbaol dul in éag.
An Brocaire Gorm
In 1847 atá an chéad tagairt don bhrocaire gorm sa litríocht. In 1913 a bhí brocaire gorm i seó madraí den chéad uair. Bunaíodh Club Bhaile Átha Cliath Brocairí Gorma in 1920. Bhí suim ag náisiúnaithe go luath san fhichiú aois sa phór seo mar mhadra Éireannach chun diúltú d’athghabháil chultúrtha arm na Breataine ar an gcú faoil. Bhí brocaire gorm ag Mícheál Ó Coileáin darb ainm Convict 224. Ag am bhas Mhíchíl Uí Choileáin bhí sé ag iarraidh reachtaíocht a chur tríd chun an brocaire gorm a aithint mar phór madra na hÉireann.
An Madra Gearr
Tá an madra gearr ar cheann de na póir Éireannacha is sine. Roimh na 1880í ní raibh dath faoi leith ag an madra gearr. Uaireanta bhí sé rua ach uaireanta eile bhí sé dúchrónach. Ach faoin 20ú haois bhí siad go léir rua.
An Sotar Rua
Seo an madra atá ar lógó Bhus Éireann. Tháinig an pór seo ó phór an tsotair rua is bháin. Is madra foghlaeireachta é. In 1886 aithníodh é mar phór.
An Cú Faoil
Is é seo an pór is aitheanta a shamhlaítear le hÉirinn. Tá sé ar cheann de na póir madra is airde ar domhan. Cúnna faoil ba ea iad madraí Fhinn mhic Cumhaill, Bran agus Sceolaing. Bhí an pór seo i mbaol dul in éag sa 19ú haois, ach rinneadh an-iarracht go déanach sa 19ú haois iad a thabhairt ar ais trí phórú ceart a dhéanamh ar na cinn a bhí fágtha. Tá athghabháil chultúrtha déanta orthu ag arm na Ríochta Aontaithe, mar a bhfuil cú faoil mar shonóg ag reisimint na nGardaí Éireannacha mar chuid d’iarracht féiniúlacht Éireannach a chur in iúl, nó leoga a chur i gcéill.
An Sotar Rua agus Bán
Tá sé seo díreach cosúil leis an sotar rua ach go bhfuil dath bán air freisin. Is as an bpór seo a tháinig an sotar rua. Ach spéisiúil go leor, chun an pór a choinneáil beo, rinneadh sotar rua a phórú leo le déanaí.
An Pocadán
Tá cuid mhaith de na pocadáin dúchrónach. Bíonn cuid mhaith acu seo freisin i mbun seilg sionnaigh. Is é an t-aon phór Éireannach atá ina mhadra bolaíochta. Tá conairt pocadán cáiliúil ar an Scairtín i Luimneach a bhíonn ag seilg an tsionnaigh.
An Spáinnéar Uisce
Tá níos lú ná 400 spáinnéar uisce in Éirinn. Níor athraigh cuma an mhadra seo ó na 1830í. Úsáidtear é mar mhadra fiaigh agus mar pheata chomh maith. Is é seo an pór madra a bhí sa tsraith theilifíse The Irish R.M.
Béaloideas
Tá piseog ann nach cóir do bhean madra a phógadh ar lá a pósta. Deirtear chomh maith go bhfuil an chumhacht ag cú dubh cailleach i gcruth giorria a bhíonn ag ól bainne a aimsiú. Tá taifead doiléir ann ar chnámh cú a úsáid ar chaoi éigin ar theacht ar an saol do leanbh chun luas maith reatha a thabhairt don pháiste. Agus creidtear go bhfuil madraí in ann taibhsí a fheiceáil agus go ndéanann siad ag tafann nuair a mhothaíonn siad iad.
Níl ach rud amháin fágtha agam le rá leat, tá súil agam, a léitheoir, go mbeidh saol an mhadra bháin agat!
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.