Is ‘sodar go grinneall’ é taraifí Trump de réir Chéad-Aire Michelle O’Neill

D’fhógair Donald Trump an tseachtain seo caite go mbeidh taraif 10% ar an Ríocht Aontaithe agus 20% ar an Aontas Eorpach, ach cá bhfágann sin na sé chontae?

Jack Mac Íomhair

D’fhógair Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, an tseachtain seo caite na taraifí atá anois i bhfeidhm ar thíortha ar fud an domhain. Is taraif 10% a bheas i bhfeidhm ar an Ríocht Aontaithe agus 20% a bheas i bhfeidhm ar an Aontas Eorpach.

I ndiaidh an oiread sin cainte faoi stádas na sé chontae tar éis Breatimeachta, cá bhfágann na taraifí seo trádáil trasteorann agus easpórtáil na sé chontae?

Dúirt an Céad-Aire Michelle O’Neill gur, ‘sodar go grinneall’ é beartais Trump maidir leis an gheilleagar agus trádáil. Dúirt sí fosta nach bhfuil na beartais le leas duine ar bith agus go leanfaidh siad ar aghaidh ag obair agus go mbeidh siad gnóthach maidir leis na taraifí.

Tá stádas na sé chontae idir dhá cheann na meá faoi láthair. Tá seans ann nach mbeidh ach an taraif 10% ar earraí a easpórtáiltear ó na sé chontae, ach má chuireann an tAontas Eorpach taraifí frithbheartaíochta i bhfeidhm, tá seans go rachaidh sé sin i bhfeidhm ar earraí ag teacht ó na Stáid Aontaithe go dtí na sé chontae. Tarlóidh sé sin de bharr Chreat Windsor, socrú iar-Bhreatimeachta idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Ciallaíonn sé sin fiú mura gcuireann an Ríocht Aontaithe aon taraif frithbheartaíochta i bhfeidhm, tá seans ann go mbeidh na sé chontae thíos le taraifí an Aontais Eorpaigh. Dúirt Gavin Robinson, ceannaire an an Pháirtí Dhaonlathaigh Aontachtaigh, nár chóir do ghnólachtaí áitiúla a bheith thíos le haon chogadh trádála idir na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe. 

Ní hamháin go bhfuil na taraifí ag cruthú crá croí don trádáil dhomhanda, ach tá cuma ar an scéal go mbeidh tionchar acu ar chúrsaí Breatimeachta sna sé chontae.Tá an-seans ann go mbeidh imní ar rialtas na Breataine nach mbeidh na páirtithe aontachtacha sásta leis an socrú úr. Is léir, áfach, go dtiocfaidh an comhrá faoi Bhreatimeacht chun cinn arís.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.