Gradaim Shraith Lidl i bpeil na mban fógarthaFoireann faoi leith sárimreoirí roghnaithe i ngach roinn
Tá foirne sárimreoirí Shraith 2025 Lidl i bpeil na mban fógartha, arna roghnú ag Coiste Sárimreoirí Chumann Pheil na mBan.
Tá na curaidh, Ciarraí, a bhuaigh Roinn 1 den 13ú huair i bPáirc an Chrócaigh ar an 12 Aibreán, éacht atá ina churiarracht, ar thús cadhnaíochta i Roinn 1, agus ochtar imreoirí dá gcuid san áireamh.
Tá ceathrar imreoirí de chuid na dtánaistí, Ard Mhacha, roghnaithe, tar éis dóibh an chraobh a ghéilleadh nuair a fuair Ciarraí an ceann is fearr orthu in 2024, agus tá de chúiteamh ar fheachtas éachtach Phort Láirge go bhfuil beirt dá n-imreoirí siúd san áireamh.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!