
Tá sé mar aidhm ag Plean Gníomhaíochta maidir le Geilleagar na hOíche Chomhairle Cathrach na Gaillimhe cur le hionaid chultúir oíche na Gaillimhe, rannpháirtíocht an phobail a chothú agus an léiriú cruthaitheachta a chur chun cinn trí shraith ócáidí speisialta chun ceiliúradh a dhéanamh ar Fhéile na Bealtaine. Is ceiliúradh náisiúnta na hÉireann é seo ar na healaíona agus ar an gcruthaitheacht agus muid ag dul in aois agus is tionscnamh é de chuid Age & Opportunity.
Bain taitneamh as atmaisféar uathúil Dangan House Café, gnólacht teaghlaigh álainn atá neadaithe taobh istigh d’ionad garraíodóireachta i stór grán gleoite ón 19ú haois. Beidh dhá ócáid oíche dhifriúla ar siúl sa Dangan House Café mar chuid de thionscnamh Café Lates Gheilleagar na hOíche, ag cur go mór leis an gcultúr bríomhar atá i ngeilleagar oíche na cathrach:
Oíche Shnagcheoil: Bain sult as oíche shnagcheoil mhachnamhach bheo, chomh maith le sólaistí beaga blasta agus deochanna úra, agus tú ag baint taitneamh ag an am céanna as radhairc áille an gharraí dhaingin Sheoirsigh.
Oíche do Naisc Chruthaitheacha: Bain sult as oíche chruthaitheachta shuaimhneach agus soláistí aoibhne i dtimpeallacht chiúin an ghairdín.
De rogha air sin, is féidir d’oíche a chaitheamh i gcroílár shaol ealaíne na Gaillimhe ag Just Art It in Iarthar bríomhar Chathair na Gaillimhe. Bí in éineacht leis an ealaíontóir Elena Santos do dhá oíche cainteanna ealaíontóirí léirsteanacha ina mbeidh dearcthaí ó roinnt de na saothraithe cruthaitheachta is aitheanta i nGaillimh, Sioban Piercy agus Brian Bourke ina measc. Is cuid de shraith ‘Artist Working Talks’ iad na himeachtaí ticéadaithe saor in aisce seo agus tugtar léargas ar leith ar an bpróiseas cruthaitheach agus ar an méid atá i gceist i ndáiríre le gairm na healaíne.
Tá an tionscnamh seo ag teacht go mór leis na spriocanna atá ag Age & Opportunity d’Fhéile na Bealtaine, is é sin cur leis an gcruthaitheacht i measc daoine scothaosta trí chomhoibriú idirghlúine, ag taispeáint chumais na n-ealaíontóirí scothaosta agus ag cur comhroinnt scileanna agus taithí chun cinn a chuirfidh le saol saibhir agus cruthaitheach.
Chun féile na Bealtaine a cheiliúradh, tá Geilleagar na hOíche Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag déanamh urraíochta ar líon teoranta ticéad saor in aisce do Café Lates i Dangan House do dhaoine atá 50 bliain d’aois agus níos sine. Tá Dangan House Café ag cur ‘bord pobail’ tiomnaithe ar fáil freisin, chun naisc shóisialta agus caidrimh i measc lucht freastail a spreagadh, ar ceann de phríomhchuspóirí an Phlean Gníomhaíochta maidir le Geilleagar na hOíche é.
Chun áirithint a dhéanamh agus tuilleadh eolais a fháil faoi gach ócáid Gheilleagar na hOíche, téigh chuig: https://thisisgalway.ie/nighttime-events
Imeachtaí san Oíche atá ar siúl faoi láthair in Ionad Ealaíon na Gaillimhe i mí Bealtaine.
Is féidir le cuairteoirí an taispeántas Clann Miotlantach / Mythlantics le Alice Rekab atá ar siúl faoi láthair a fheiceáil, ina bhfiosraítear téamaí ar nós ceangail teaghlaigh, mórtas áite agus muintearas. Beidh Ionad Ealaíon na Gaillimhe ar oscailt go dtí 9:00 pm mar chuid de chlár ‘Airneán an Déardaoin’ Gheilleagar Oíche Chathair na Gaillimhe. Beidh turais treoraithe saor in aisce den taispeántas Clann Miotlantach / Mythlantics ar fáil oícheanta Déardaoin. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig suíomh gréasáin Ionad Ealaíon na Gaillimhe ag https://galwayartscentre.ie/whats-on/
Tá na himeachtaí maoinithe ag Geilleagar na hOíche Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus an Roinn Ealaíon, Cultúir, Cumarsáide, Meán agus Spóirt.