Buaiteoirí Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael 2024 Fógartha

Fógraíodh buaiteoirí Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael maidin Déardaoin (an 17 Aibreán) ar chlár speisialta Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is iad Coiste Forbartha Charn Tóchair as Contae Dhoire a bhain an phríomhdhuais, le Coiste Forbartha Dhobhair as Gaeltacht Thír Chonaill ag glacadh an dara háit, agus Conradh na Gaeilge Boirche Íochtair sa tríú háit. Chomh maith leis sin, bronnfar duaiseanna rannóige ar ghrúpaí a rinne éacht i rannóg ar léith.

Mar chuid dá ndualgais, ag plé le Gaeilge sa Teaghlach, Gaeilge sa Ghnó, agus Forbairt Pobail Ghaeilge, freastalann oifigigh forbartha Ghlór na nGael ar choistí, ag cuidiú leo clárú, ag cuidiú pleananna oibre a fhorbairt, agus ag roinnt eolais faoi scéimeanna nó áiseanna atá ar fáil do choistí, teaghlaigh nó gnólachtaí. Tugtar cuairteanna timireachta ar gach coiste a chláraíonn i rith bhliain an chomórtais le cúnamh agus comhairle a thabhairt go rialta.

Faoi dheireadh na bliana eagraítear tréimhse mholtóireachta agus téann foirne moltóireachta Ghlór na nGael chuig na coistí ag bailiú eolais faoinar cuireadh chun cinn i rith na bliana.
Seo an dara huair taobh istigh de chúig bliana atá Coiste Forbartha Charn Tóchair ag fáil na príomhdhuaise.

Dúirt urlabhraí ó Ghlór na nGael go bhfuil siad thar a bheith buíoch d’urraitheoirí an chomórtais, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a dhéanann urraíocht ar an bpríomhdhuais, agus Foras na Gaeilge a thugann tacaíocht reatha don obair a dhéanaimid.

Is iad seo na buaiteoirí sna rannóga ar fad:

Príomhdhuais an Chomórtais

Céad áit agus duais €15,000: Coiste Forbartha Charn Tóchair
Dara háit agus duais €5,000: Coiste Forbartha Dhobhair Teo
Tríú háit: Conradh na Gaeilge Boirche Íochtair

Duaiseanna Rannóige an Chomórtais

An Óige:
Céad áit: Coiste Forbartha Charn Tóchair
Dara háit: Coiste Forbartha Dhobhair Teo

Oideachas:
Céad áit: Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar
Dara háit: Coiste Forbartha Charn Tóchair

An Teaghlach:
Céad áit: Cill Dara le Gaeilge
Dara háit: Comhlucht Forbartha na nDéise

Tacaíochtaí Pobail agus Folláine:
Céad áit: Coiste Forbartha Dhobhair Teo
Dara háit: Coiste Forbartha Chnoc Fola

Gnó agus Fiontraíocht:
Céad áit: Comharchumann Mhic Dara
Dara háit: Glór Cheatharlach

Tograí Cosanta Comhshaoil agus Caomhnaithe Oidhreachta:
Céad áit: Comhlacht Forbartha Inis Meáin
Dara háit: Comharchumann Mhic Dara

Labhairt na Gaeilge:
Céad áit: Líonra Leitir Ceanainn
Dara háit: Coiste Forbartha Charn Tóchair

Rannóg na Gaeltachta
Céad áit: Comhlucht Forbartha na nDéise
Dara háit: Coiste Forbartha Dhobhair Teo

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.