Comhlacht Meiricéanach a athúsáideann seantrealamh oifige ag céilúradh 20 bliain ar an bhfód

Domhnall Mac Concharraige

Tá ANEW (Asset Network for Education Worldwide), grúpa atá lonnaithe in Calafornia ag céilúradh 20 bliain ar an bhfód. Bunaíodh an grúpa in 2005 agus fís acu seantroscán a athúsáid agus a athchúrsáil. Is í Rose Tourje bunaitheoir an chomhlachta agus bhí gairm fhada aici i ndearadh intí agus bhí sí bainteach leis an ngluaiseacht timpeallachta. Thug sí faoi deara uair amháin nach raibh comhlachtaí ag athchúrsáil mar is ceart. Is maith is cuimhin léi uair amháin go raibh comhlacht éigin díreach ag caitheamh troscáin amach as an bhfuinneog agus lean sí an loraí agus bhí siad ag cur an troscáin i láithreán dramhaíola.

Cheap Rose más rud é go raibh comhlacht mór amháin á dhéanamh seo in Los Angeles is léir gur cleachtas forleathan a bhí. Thug sé seo spreagadh di a post a fhágáil agus a comhlacht féin a bhunú bunaithe ar dhea-chleachtas. Tugann a comhlacht seantroscáin agus trealamh oifige dara láimhe amach chuig na bochtáin, scoileanna agus comhlachtaí nuabhunaithe.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.