Ard-Oifig an Phoist, foirgneamh stairúil i gcroílár na hardchathrach

Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Is in 1818 a osclaíodh Ard-Oifig an Phoist, foirgneamh iontach stairiúil i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Tá sé suite ar Shráid Uí Chonaill, ach ag an am ba é Sráid Sackville ainm na sráide. Athainmníodh an tsráid tar éis Chogadh na Saoirse. Sa lá atá inniu ann is é Ard-Oifig an Phoist ceanncheathrú An Post.

Chuir Charles Whitworth an bhunchloch leis an bhfoirgneamh ar an 12 mí Lúnasa 1814, agus críochnaíodh an obair i ndiaidh oibreacha trí bliana. Chosain an foirgneamh leathchéad míle punt, an foirgneamh Seoirseach poiblí deireanach a tógadh i mBaile Átha Cliath. Bq é an t-ailtire Francis Johnson a rinne an dearadh. 

Nuair a bhí Éirí Amach na Cásca ar siúl bhí an foirgneamh in úsáid mar cheanncheathrú an Éirithe Amach, agus léigh Pádraig Mac Piarais Fórógra na Poblachta taobh amuigh de. Cuireadh trí thine é de bharr ionsaí airtléire de chuid fhórsaí na Breataine i rith Sheachtain na Cásca, agus thit an díon isteach. Bhí trí bhratach ar foluain os cionn an fhoirgnimh, bratach na hÉireann, bratach ghlas ar a raibh cláirseach, agus bratach a raibh “Irish Republic” scríofa uirthi. Sa lá atá inniu ann tá dealbh de Chú Chulainn sa phríomhfhuinneog in ónóir dóibh siúd a bhfuair bás ar son na Poblachta i rith na Cásca. 

Sa lá atá inniu ann is féidir dul ar thuras staire agus an stair a bhaineann leis an bhfoirgneamh a fhoghlaim. Gach mí bíonn turas trí Ghaeilge ar fáil chomh maith!


Ceisteanna buntuisceanna

  1. Cén bhliain ar oscaíodh Ard-Oifig an Phoist?
  2. Cén tsráid ar a bhfuil sí suite?
  3. Cén t-ainm a bhí ar an tsráid seo fadó?
  4. Cén costas a bhain le togáil an fhoirgnimh?
  5. Cé a leag an bhunchloch?
  6. Cén ról a bhí ag an bhfoirgneamh i rith Sheachtain na Cásca?
  7. Cérbh iad na trí bhrat a bhí ar an bhfoirgneamh?
  8. Cén dealbh atá san fhuinneog agus cad é an siombólachas taobh thiar de?
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.