Ba é an t-amhrán Grândola, Vila Morena, a scríobh José Afonso, an comhartha do thús coup d’état sa Phortaingéil a tharla ar an 25 Aibreán 1974. Amhrán é faoi thír dhúchais ina mbeadh glór ag an gcosmhuintir, amhrán a cuireadh faoi chosc faoin deachtóireacht a bhí i bhfeighil sa tír. Roghnaigh oifigigh chléacha san arm an t-amhrán chun tabhairt faoin réabhlóid, a bhí síochánta ar an mórgóir, agus a nglaoitear Réabhlóid Lus na Gile air.

Daniel Arrhakis/Flickr
Bhí míshástacht ann i measc an airm sa Phortaingéil ar feadh tamall de bhlianta. Cé go raibh coilíneachtaí na dtíortha coilíneacha eile ag ‘díchoilíniú’ le beagnach scór bliain, chinn deachtóireacht António de Oliveira Salazar greim a choinneáil ar Angóla, Guine Bissau agus Mósaimbíc, fiú agus gluaiseachtaí ar son na saoirse ag teacht in inmhe iontu. Bhí costas mór ag baint leis an gcogaíocht seo, agus caitheadh thart ar leath de bhuiséad na tíre uirthi. Chuir sé seo go mór le bochtaineacht na cosmhuintire.
Tháinig réimeas Salazar i gcumhacht i ndiaidh coup míleata in 1926. Ainmníodh mar phríomh-aire é in 1932, agus chuaigh sé i mbun an tír a iompú ina Estado Novo, ‘stát nua’ faisisteach-cléireach a bhí cosúil le stát na Spáinne faoi Franco. Bhí na gnáthdhaoine beo bocht agus na fiacha náisiúnta á n-íoc. Ar an lámh eile, bhí na húinéirí móra talún, daoine gnó agus oifigigh mhíleata ag déanamh go maith. Bhí an freasúra polaitiúil á chur faoi chois ag póilíní rúnda sa Phortaingéil agus sna coilíneachtaí. Dá ainneoin seo, glacadh leis an tír mar bhall bunaithe ECAT in 1949.
Nuair a tosaíodh ar an gcogaíocht chun na coilíneachtaí a choinneáil, tháinig deireadh, i bhfocail an staraí Urte Sperling, ‘leis an gcomhghuaillíocht aicmeach a bhí bunaithe ar an gcaomhnaitheacht agus gadaíocht choilíneach’. Scoilt olagarcacht na Portaingéile ina dhá dhream, ceann ar theastaigh uaidh dul i dtreo an nuachóirithe agus an geilleagar a oscailt suas don domhandú, agus na éilítigh thraidisiúnta a bhain brabús ón gcoilíniú.
De bharr gur tharraing réimeas Salazar ar oidhreacht sheanbhunaithe na coilíneachta, bhí dlúthnasc ann idir a mbeadh i ndán don deachtóireacht agus don choilíneacht araon. Tháinig Marcelo Caetano i gcomharba ar Salazar in 1968, ach níor chuir a réimeas aon leasaithe i bhfeidhm a mhaolódh na fadhbanna eacnamaíocha agus sóisialta nó a shásódh an chuid sin de lucht an rachmais ar theastaigh uathu geilleagar na tíre a oscailt.
Is de bharr na gcontrárthachtaí córasacha seo a thit réimeas Caetano ar an 25 Aibreán 1974. Tháinig an Ginearál António de Spínola i bhfeighil na tíre. Ach de bharr gur theastaigh uaidh leanúint le réimeas údarásach, bhí aighneas ann leis an gcuid sin den arm ar theastaigh uathu dul i dtreo an daonlathais, an díchoilínithe agus leasuithe sóisialta. D’éirigh Spínola as, agus bhog an réabhlóid i dtreo tréimhse radacach nuair a chuathas i mbun stailceanna, rinneadh forghabháil ar mhonarchana, gabhadh talamh na n-úinéirí talún móra, agus deineadh náisiúnú ar thionscail chomh maith le leasuithe ar chúrsaí talmhaíochta. Mhaígh oibrí monarchan in Liospóin ‘Agora é o povo quem mais ordena!’ (Anois is iad na hoibrithe a thugann na horduithe!).
Mar sin féin, tháinig deighilt pholaitiúil chun cinn i ngeall ar threo na réabhlóide. Rinne an Páirtí Sóisialach agus liobrálaigh, le tacaíocht comhghuaillithe san iarthar a bhí i gcoinne an chumannachais, iarracht an réabhlóid a cheansú.
Faoi 1975 bhí an choimhlint idir na fórsaí réabhlóideacha agus na coimeádaigh imithe i dtreis. Rinne Spínola iarracht coup a chur ar bun i mí an Mhárta, ach theip air agus tógadh isteach tuilleadh bearta cléacha. Ach chuir frith-coup i mí an Mhárta deireadh leis an tréimhse radacach. Chuir an réabhlóid an daonlathas i bhfeidhm, tharraing an Phortaingéil as na tíortha a bhí mar choilíneachtaí aici, agus cuireadh cearta sóisialta i bhfeidhm, ach cuireadh deireadh leis an gclaochlú eacnamaíoch sular baineadh amach é.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona. Foilseofar a leabhar is déanaí ‘Cath idir an pobal agus an murder machine’: Gluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023 le Bradán Feasa ar an 8 Bealtaine.