
Is dráma amuigh faoin aer é An Rí le Pádraig Mac Piarais a bheidh á léiriú ag Aisteoirí Thamhlachta ar Dhomhnach na Cásca i Músaem na bPiarsach, Ráth Fearnáin ar 2.30.
Bí ann d’eispéireas mealltach agus na haisteoirí ag athléiriú ceann de na píosaí litríochta is spreagúla ó pheann an Phiarsaigh.
Bhí an Piarsach féin mar stiúrthóir air agus a dheartháir Liam ar dhuine de na príomhaisteoirí nuair a léiríodh den chéad uair é sa bhliain 1912 ar fhearann Scoil Éanna, mar a bhfuil Músaem na bPiarsach suite sa lá atá inniu ann. Is é Ciaran McMahon, fear de bhunú Ghleann na Smól, atá mar stiúrthóir air an uair seo.
Tá An Rí suite sna meánaoiseanna ina bhfuil coimhlint mhorálta a bhaineann le rí urchóideach ‘a dhoirt fuil na neamhchiontach is a ghéarlean na boicht, a thréig muintearas Dé is a chuaigh i gcairdeas Meirleach’. Ar deireadh, glacann buachaill óg, ‘Giolla na Naomh’, a áit agus téann sé i gcomhrac in aghaidh naimhde a mhuintire. Cé go mbuaitear an cath, cailltear ann é.

Tá 11 aisteoir san iomlán bainteach leis, lena n-áirítear cúigear déagóirí agus seisear daoine fásta. Chomh maith leis sin, beidh triúr ceoltóirí, Lorcán Mac Mathúna, Éamon Galdubh agus Martin Tourish ag cur ceol nuachumtha leis an dráma ar an lá.
Léirigh Aisteoirí Thamhlachta é anuraidh i nGleann na Smól, lasmuigh de Thamhlacht, i bpáirc de chuid feirmeoir áitiúil, Donie Anderson, agus d’éirigh thar cionn leis ag an am.
Is dáta don dialann é seo le haghaidh lá lán de stair, cultúr agus inspioráid!
- Tuilleadh eolais ag Gaelphobal Thamhlachta/Facebook.
- Ticéid ar fáil ar Eventbrite.