Stair Chumann Peile na hÉireann

Cathal Ó Murchú

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Bunaíodh Cumann Peile na hÉireann (cumann sacair) sa bhliain 1921 tar éis easaontas leis an tseaneagraíocht a bhí ar ar an saol ón mbliain 1880, an Cumann Peile Éireannach. Bhí cúinsí polaitíochta mar chúis leis an deighilt seo sa chaoi go raibh an tseaneagraíocht bunaithe i mBéal Feirste agus dírithe ar thuaisceart na tíre, agus éiteas Briotanach aontachtach acu.  Maidir le Cumann Peile na hÉireann, bhí siadsan lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus éiteas Éireannach agus náisiúnach acu, agus mheas siad nach raibh lucht sacair ar fud an oileáin ag fáil chothrom na Féinne ón tseaneagraíocht. Bunaíodh an dá eagraíocht chun an sacar a chur chun cinn ar fud na hÉireann agus chun an fhoireann náisiúnta a eagrú.

Sa bhliain 1924, d’imir siad a gcéad chluiche idirnáisiúnta i gcoinne na Bulgáire ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras na Fraince. Bhí conspóid ann le fada an lá idir an dá eagraíocht maidir le cé acu ba cheart ionadaíocht a dhéanamh ar chríoch na hÉireann, agus níor tháinig réiteach ar an scéal go dtí na 1950í nuair a shocraigh FIFA go ndéanfaidh Cumann Peile na hEireann ionadaíocht ar Phoblacht na hÉireann agus an Cumann Peile Éireannach ionaíocht ar Thuaisceart Eireann, cé go bhféadfaí imreoirí sacair a roghnú do cheachtar foireann.

Sna blianta ina dhiaidh sin, ghlac siad páirt i gcomórtais cháilíithe do Chorn an Domhain agus don Chomórtas Eorpach go príomha sna cluichí idirnáisiúnta, agus faoi dheireadh d’éirigh le foireann Éireannach cáiliú don Chomórtas Eorpach  sa bhliain 1988 sa Ghearmáin Thiar. D’éirigh go maith leis an bhfoireann faoi bhainistíocht Jack Charlton sa chomórtas seo agus d’éirigh leo cáilíocht a bhaint amach dul chuig comórtais Chorn an Domhain sna blianta 1990 san Iodáil agus 1994 i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Nuair a tháinig iarpheileadóir de chuid na hÉireann Mick McCarthy i gcomharbacht ar Jack mar bhainisteoir sa bhliain 1996, d’éirigh leo cáilíocht a bhaint amach dul go Corn an Domhain sa bhliain 2002 sa tSeapáin agus sa Chóiré Theas. Is le linn an chomórtais sin a tharla scliúchas mór idir an bainisteoir Mick McCarthy agus captaen na foirne Roy Keane, scliúchas a bhí mar ábhar deighilte i bpobal na hÉireann.

D’éirigh le foireann Phoblacht na hÉireann cáiliú don Chomórtas Eorpach in 2012 sa Pholainn agus san Úcráin faoi bhainistíocht Giovanni Trappatoni agus in 2016 sa Fhrainc faoi bhainistíocht Martin O’Neill. Seachas na comórtais sin, tá fíorbheagán ratha ag baint le foireann Phoblacht na hÉireann ar feadh cuid mhaith blianta anois i gcomparáid leis an ré órga ó 1986 go 2002.


Ceisteanna buntuisceanna

  1. Cén bhliain ar bunaíodh Cumann Peile na hÉireann?
  2. Cén fáth ar scair Cumann Peile na hÉireann ón tseaneagraíocht an Cumann Peile Éireannach?
  3. Cad é an réiteach a shocraigh FIFA maidir leis an dá eagraíocht sna 1950í?
  4. Cén comórtas idirnáisiúnta ar ghlac foireann na hÉireann ann agus cén tír ina raibh an comórtas sa bhliain 1988?
  5. Ainmnigh dhá chomórtas ar ghlac foireann Phoblacht na hÉireann iontu?
  6. Cén chonspóid a bhris amach sa bhliain 2002?
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.