Tar éis an scliúchais a tharla sa Dáil ag deireadh mhí Eanáir seo caite nuair a bhí Micheál Martin á thoghadh ina thaoiseach, tharla an rud ceannann céanna Dé Máirt na seachtaine seo. I mí Eanáir, cuireadh toghchán an Taoisigh ar athló de bharr an rí-rá agus ruaille buaille a bhris amach ar urlár na Dála. Ach is cosúil go raibh an rialtas, a lucht tacaíochta sa Dáil agus an Ceann Comhairle í féin Verona Murphy, réidh don chlampar a bhí le teacht, rud nach raibh siad ag súil leis a chéad uair a rinne siad iarracht rialacha na Dála a athrú i dtaobh cead cainte do theachtaí dála neamhspleácha.
Is é ábhar na conspóide cead cainte in am labhartha an fhreasúra a bheith tugtha do theachtaí dála neamhspleácha, in ainneoin go dtacaíonn na teachtaí seo leis an rialtas reatha, agus am luachmhar cainte an fhreasúra a úsáid. Tacaíonn an Ceann Comhairle, an rialtas agus na neamhspleáigh faoi cheannas Michael Lowry leis an mbeart seo. Tá an freasúra glan ina choinne agus agus tá siad go léir aontaithe ar an gceist seo, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, Páirtí an Lucht Oibre, Éire Neamhspleách, Pobal Seachas Brabús-Dlúthpháirtíocht, Aontú, an Comhaontas Glas agus neamhspleáigh eile nach dtacaíonn leis an rialtas. Is sárú lom agus cliseadh bunúsach ar an daonlathas teachtaí a bheith ag tacú leis an rialtas agus ag labhairt ó bhínsí an fhreasúra.