
Rugadh Paddy Fahey i nGaillimh i 1916, agus do thosaigh sé ag seinm ar an bhfidil cosúil lena athair Jack, a bhunaigh an banna céilí Aughrim Slopes.
D’imigh Paddy ag seinnt leis an banna anseo agus thar lear, ach cé gur fidléir agus cumadóir den scoth é, níor thaifead sé ná níor fhoilsigh sé a chuid poirt féin. Freisin, d’aithin sé a chuid saothar le h-uimreacha seachas le fíortheideal – thart ar 60 foinn.
Fuair Paddy bás le 102 bliain d’aois i 2019.