Le blianta fada is faoin ainm “Berbeirigh” a d’aithin muidne anseo iad, ainm a tháinig chugainn as “Barbarienses”, a thug na Rómhánaigh orthu, amhail aon phobal “neamhshibhialta” an domhain dar leo, na Ceiltigh ina measc. Sé “na hAmaisigh” an t-ainm orthu is mó a nglactar leis anois, ina measc féin san áireamh.
Is grúpa ilghnéitheach de dhreamanna eitneacha ar leith iad na hAmaisigh atá dúchasach don Afraic Thuaidh. Aithnítear iad as an úsáid a bhaineann siad as teangacha Amaiseacha, an chuid is mó acu atá comh-intuigthe, ar cuid den fhine teangacha Afra-Áiseach iad, an ceathrú fine teanga is mó ar domhan a chuimsíonn na teangacha seimíteacha. Labhraíonn cuid mhaith Amaiseach Araibís anois, chomh maith le Spáinnis agus Fraincis, ach ní Arabaigh iad.
Dúchasaigh de réigiún na Magraibe san Afraic Thuaidh is ea iad, réigiún atá sa nuacht faoi láthair. Tá cónaí orthu i bpobail scaipthe i gcodanna de Mharacó, an Ailgéir, an Libia, agus i bpobail níos lú sa Túinéis, sa Mháratáin, i tuaisceart Mhailí agus tuaisceart na Nígire. Tá pobail Amaiseacha le fáil freisin i mBuircíne Fasó agus Osáis Siwa na hÉigipte agus tá cuid acu sa Sahára Thiar.