Céard iad na traidisiúin a bhaineann le Lá Fhéile Pádraig agus cad as ar tháinig siad?

Caoimhín Ó Cadhla

Tá an fhéile is Éireannaí ag teannadh linn, is é sin Lá Fhéile Pádraig. Breathnóimid ar chuid de na nósanna a bhaineann leis an lá.

Cé go gcleachtann an chuid is mó de mhuintir na hÉireann an Carghas, tá dispeansáid in Éirinn ar Lá Fhéile Pádraig. Seo é an nós is sine a bhaineann le Lá Fhéile Pádraig atá le feiceáil sna lámhscríbhinní. Scríobh manach darbh ainm Jocelin sa dara haois déag sa mhainistir i bhFearna go raibh Naomh Pádraig ag diúltú feoil a ithe ach gur tháinig aingeal chuige agus chuir sé feoil in uisce agus d’athraigh an fheoil go hiasc. Ar ndóigh, bhí cead iasc a ithe i rith an Charghais. Mar sin tá cead ag na Gaeil feoil a ithe agus alcól a ól ar Lá Fhéile Pádraig

Cad as ar tháinig nós an mhórshiúil Lá Fhéile Pádraig?  An gcreidfeá gur thosaigh na mórshiúlta ní in Éirinn ach thall i Meiriceá mar fheachtas earcaíochta d’arm na Breataine agus d’arm Mheiriceá san ochtú haois déag. Thosaigh na mórshiúlta in Éirinn sa naoú haois déag ach gan an feachtas earcaíochta míleata.

Rinneadh lá saoire poiblí de Lá Fhéile Pádraig in 1903 tar éis feachtas ó Chonradh na Gaeilge nuair a thóg an MP James O’Mara bille isteach i bParlaimint Westminster chun é a chruthú.

Bhí sé de nós cros a chaitheamh ar an lá. Bhíodh an chros déanta de bhioráin agus ribíní glasa agus chuireadh daoine ina hataí. Bhí an nós ann seamróg a chaitheamh sa hata chomh maith, ach cheap Thomas Dinely in 1681 gur nós salach a bhí ann. In 1908 atá an tagairt dheireanach do chros a chaitheamh ar Lá Fhéile Pádraig. Bhíodh cros Naomh Pádraig difriúil á caitheamh ag na buachaillí agus na cailíní. Bhíodh cros chiorclach ar pháipéar bán ar hataí na mbuachaillí agus bhí an chros a chaitheadh na cailíní déanta d’éadach nó ribíní.

Bhí nasc láidir i gcónaí ag an ragairne le Lá Fhéile Pádraig. Luadh in 1689 go raibh “pota Phádraig” á ól ag na Gaeil, pota ina raibh uisce beatha. Bhí agus tá fós nós ann an tseamróg a “bhá”, is é sin le rá do sheamróg a bhaint de d’éadaí agus í a chaitheamh isteach i do dheoch. Nuair a bheadh do dheoch ólta agat phiocfá an tseamróg amach as an deoch agus chaithfeá thar do ghualainn chlé é. Go gairid tar éis bhunú an tSaorstáit cuireadh dlí i bhfeidhm nach bhféadfadh na tithe tábhairne a bheith ar oscailt ar Lá Fhéile Pádraig. Lean an dlí sin ar aghaidh go dtí 1973.

Is é an scéal a bhaineann leis an tseamróg mar shiombail ná gur roghnaigh Naomh Pádraig í chun chun a mhíniú do na Gaeil céard is brí leis an Tríonóid Naofa. Ach mar a dúirt an béaloideasaí Caoimhín Ó Danachair, níorbh éigean do Naomh Pádraig a mhúineadh do na Gaeil faoin Tríonóid mar go raibh leath de na déithe a bhí acu i dtríonóid cheana!

Rinne Caleb Threlkeld staidéar ar an tseamróg ina shaothar Synopsis Stirpium Hibernicum in 1727 chun a fháil amach cén luibh go díreach í an tseamróg. Shocraigh sé gurb í an tseamair bhán atá i gceist.

Nath amháin faoi Lá Fhéile Pádraig is ea “Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaineas an neart as an chloich fhuair’. Breathnaíodh ar Lá le Pádraig mar phointe fócais an earraigh “Ní dírighe bradán fearna ar lár a’ chaise, ná Lá ‘le Pádraig ar lár an earraigh”. Ghlaoití “rabharta mór na Féile Pádraig” ar an lán mara thart ar thréimhse Lá Fhéile Pádraig.

Cibé nósanna a leanann tú ar Lá Fhéile Pádraig, bain sult as an lá!

Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.