Ina leabhar Decolonizing Methodologies: Research and Indigenous Peoples, pléann an tOllamh Maorach, Linda Tuhiwai Smith, ‘fiche a cúig tionscadal bundúchasach’ atá ar bun go domhanda faoi láthair. I measc na dtionscadal, a dtagraíonn sí dóibh i gcomhthéacs ginearálta, tá: ‘an athghabháil’ ar an stair; ‘teacht in inmhe an bhéaloidis’; finnéithe ‘ag tabhairt fianaise’; ‘an ceiliúradh’ ar an gcultúr/teanga; na ‘naisc’ atá á gcruthú le ceantair dhúchais/logainmneacha, agus ‘an t-athréimniú teanga’. Luann sí chomh maith go bhfuil ‘athfhrámáil’ tagtha ar léamh na mbundúchasach ar an tsochaí, ar an bpolaitíocht agus ar an stair agus, ina theannta sin, go bhfuil níos mó acu ag léamh agus ag foilsiú ina dteanga dhúchais ná mar a bhí riamh.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!