Ciarraí, contae dúchais Mhíchíl, agus Maigh Eo ag dul in adharca a chéile i gcluiche ceannais Roinn 1
Le Maigh Eo agus Ciarraí i mbun ullmhúcháin do chluiche ceannais roinn 1 de Shraith Pheile Allianz an deireadh seachtaine seo, tá CLG agus Allianz tar éis corn nua a nochtadh, Corn Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh, a bhronnfar den chéad uair ar bhuaiteoirí roinn 1 Dé Domhnaigh i bPáirc an Chrócaigh
Beidh bliain istigh i mí an Mheithimh ó cailleadh Mícheál, duine de na pearsaí is mó le rá i stair CLG, fear a thug beocht, paisean agus spleodar gan sárú do na cluichí Gaelacha. Bhí sé ina ghuth dosháraithe a spreag glúine iomlána agus a choimeád na cluichí beo i gcuimhne an phobail. Is in ómós dá oidhreacht atá an corn nua seo, a nochtadh níos luaithe an tseachtain seo.
Seo an dara huair laistigh de mhí a bheidh Maigh Eo agus Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Tháinig siad le chéile cheana i mí an Mhárta i gCaisleán an Bharraigh, áit ar bhuaigh Maigh Eo le dhá chúilín, 0-21 in aghaidh 1-16, le scóranna tábhachtacha ó David McBrien, Fergal Boland, Ryan O’Donoghue agus Matthew Ruane. D’aimsigh O’Donoghue 0-9 an lá sin, agus ba é David Clifford a bhí i gceannas ar scóráil do Chiarraí le 0-6.