An Bord Leictreachais i mBaol
A Eagarthóir, a chara,
Rinneadh príobháidiú ar chuid mhór de Bhord Soláthair Leictreachais in Éirinn roinnt blianta ó shin mar phairt de pholasaí nualiobrálach an rialtais. Díoladh na stáisiúin chumhachta go leir agus níor fhan ach an eangach faoi smacht an stáit. Gan ioncam ó na stáisiúin chumhachta, ní raibh go leor airgid ar fáil a thuilleadh chun an córas leictreachais a choimeád ag obair agus chun é a fheabhsú.
Tá sé seo tarlaithe i gcomhthéacs méadú mór ar an éileamh ar an gcóras, go háirithe le teacht na n-ionad sonraí ar fad le déanaí. Ar deireadh, tar éis stoirm mhór dhá mhí ó shin, tá codanna den chóras go hiomlán briste. Níl cumhacht ar fáil go fhoill i gcúpla ceantar sa tír.
Is scannal é seo. Is é mo cheist go simplí, an athróidh an rialtas a chúrsa? An dtógfaidh siad an BSL iomlán ar ais faoi úinéireacht phoiblí, chun seirbhís mhaith agus nua-aimseartha a dhéanamh de sula mbeidh sé ródhéanach?
Is mise le mheas,
Eóin Ó hEarcáin