Tá an Roinn Bonneagair ag reáchtáil scéim phíolótach in éineacht le Forbairt Feirste ar son comharthaí tráchta dátheangacha
D’fhógair an Roinn Bonneagair an tseachtain seo caite go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ar an scéim phíolótach le comharthaí tráchta a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla sa Cheathrú Ghaeltachta in iarthar Bhéal Feirste. Tá an scéim á reáchtáil ag an Roinn in éineacht le Forbairt Feirste agus tá leagan amach na gcomharthaí á dhearadh de réir treoracha ó Chonradh na Gaeilge.
D’fhógair an t-iar-Aire Bonneagair John O’Dowd an scéim i mí Dheireadh Fómhair 2024. Lonnófar na comharthaí agus marcanna bóthair dátheangacha ar Bhóthar na bhFál idir Bóthar Chluanaí agus Bóthar na Carraige Báine.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!