Ceart ar fad ag an Rúis bheith amhrasach faoi shos cogaidh teoranta

Eoin Ó Murchú

Ní híonadh ar bith é go bhfuil an Rúis drogallach faoin sos cogaidh atá molta ag na Stáit Aontaithe. Tá an lámh in uachtar acu ar an láthair throda, agus cad chuige a ngéillfeadh siad spás agus am don Úcráin scíth a ligean, a dtrúpaí a athghrúpaíil agus filleadh chun cogaidh ag deireadh na 30 lá atá luaite mura mbeidh dul chun cinn cinnte le déanamh i gcainteanna síochána?

Sin é, ar ndóigh, a tharla roimhe. I ndiaidh an coup a spreag na Stáit Aontaithe i gCív in 2014, rinne an Rúis comhaontú leis an Úcráin. Sa gcomhaontú sin bhí an Úcráin le bheith neodrach gan aon bhaint le ECAT ná eagraíocht mhíleata ar bith eile, agus bhí na dúichí Rúiseacha sa Donbas agus in oirthear na tíre le bheith faoi údarás Chív ach le féinriail agus a gcearta teanga faoi bharántas.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.