
D’fhógair an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Harris, go bhfuil sé i gceist ag an rialtas céad milliún euro sa mbreis a thabhairt don Úcráin chun tacú leo sa gcogadh. Agus, in easnamh Orwellach, dúirt sé go n-úsáidfí an t-airgead le haghaidh tacaíocht mhíleata neamh-mharfach, ar nós feithiclí míleata agus baint ar shiúl mianach.
Neodracht mhíleata, mar dhea! Nó neodracht nua ar fad, is é sin neodracht mhíleata neamh-mharfach!
Cheana féin tá €400 milliún tugtha don Úcráin ag Éirinn, agus tá sé i gceist níos mó fós a thabhairt. Tá an tAontas Eorpach i ndiaidh beagnach fiche billiún euro d’iasachtaí a cheadú don Úcráin i gceist speisialta nua.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!