Is mór an méid atá le foghlaim ó na fiailí, a deir Aedín Ní Thiarnaigh, go háirithe an caisearbhán

Aedín Ní Thiarnaigh

Is iomaí seoid atá le haimsiú má théitear ag lorg bhéaloideas na mbláthanna fiáine. Is fíor seo maidir leis na bláthanna is coitianta sa tír go háirithe, na fiailí! Luíonn sé le réasún, dá bhrí sin, go mbeadh meall mór seanchais ag baint leis an bhfiaile is fairsinge ar fad, an caisearbhán. 

Is féidir seanchas na mbláthanna a rangú ina gcatagóirí éagsúla: an chéad chatagóir is é úsáidí na mbláthanna, sa chócaireacht, sa leigheas, nó sa cheardaíocht mar shampla, ansin d’fhéadfá breathnú orthu ó thaobh na bpiseog nó an chreidimh de, agus ina dhiaidh sin arís is mór an spórt iad na cluichí go léir a d’imrítí leis na bláthanna fadó agus iad mar a bheadh bréagáin saor in aisce do pháistí na hÉireann. 

Ticeálann an caisearbhán na boscaí béaloidis go léir. Is féidir an planda a ithe, ar an gcéad dul síos, agus tugann ainm an bhláth leid dúinn i ndáil leis an méid sin. Eascraíonn an t-ainm as na focail “cas”, mar gheall ar chruth na nduilleog casta catach agus  “searbhán”,  a thuigtear a bheith mar gheall ar an mblas searbh atá air, cé go bhfuil míniú eile air sin, gur focal sa Mheán-Ghaeilge é a chiallaíonn “coirce”. Itear na duilleoga, a bhfuil blas nach bhfuil ró-éagsúil le ruachán orthu, agus na peitil, ar féidir iad a scaipeadh ar bharr sailéid nó a chlúdach le fuidreamh agus iad a chócaráil in ola chun friochtóga a dhéanamh. Is féidir ‘caife’ na gcaisearbhán a dhéanamh le fréamhacha an phlanda fiú, ach iad a rósadh agus a chur síos in uisce te.

Ó thaobh cúrsaí leighis de, tá cáil ar shú an chaisearbháin, a dtugtar “bainne cíche na n-éan” air, mar leigheas ar fhaithní ar an gcraiceann, agus bhuail mé le go leor daoine le blianta anuas a gheallann gur thriail siad é seo agus gur oibrigh an cleas go maith dóibh. 

Fualbhrostach atá sa chaisearbhán chomh maith, rud a chuidíonn le daoine barraíocht uisce agus salainn a dhíbirt ón gcolainn trí na duáin a spreagadh. Is ón bhfeidhm áirithe seo a thagann leasainm na mbláthanna sa Bhéarla, “pissybeds”, i mBéarla Albanach Chúige Uladh, “pish the bed”,   agus i bhFraincis, “pissenlit”, agus an phiseog a ghabhann leo go ndéanfaidh duine fual sa leaba má phiocann siad na bláthanna! 

Tá gasúir tar éis a bheith ag spraoi leis an gcaisearbhán ó thús ama agus cuirim féin suim mhór sna cluichí a n-imrítear leo, ní hamháin toisc go músclaíonn siad cuimhní m’óige féin ionam, ach mar gheall ar an gcaoi a n-athraíonn na nósanna imeartha ó cheantar go ceantar. 

Baineann na cluichí go léir leis an gceann síl, an “clog”, nó an “jinny-joe” mar a deir lucht labhartha Bhéarla Bhaile Átha Cliath, a bhaint ón ngas. An cluiche is coitianta a dhéantar ná an t-am a dhéanamh amach trí na síolta a shéideadh den chlog. 

Agus mise ag fás aníos in Inis Córthaidh, b’ionann líon na séideog a thógfadh sé ar dhuine na síolta go léir a bhaint agus an t-am den lá, ach in Inis Meáin bíonn trí shéideog ag duine agus ansin is ionann an líon síolta atá fágtha agus an uair.

Is suimiúla fós torthaí an cluiche i gceantair eile, ina n-úsáidtear an cleas céanna chun ceisteanna móra an tsaoil a fhreagairt. Is féidir na séideoga a chomhaireamh, mar shampla, chun tuar a fháil ar cé mhéad bliain a bheidh roimh dhuine sula bpósfaidh siad, nó in áiteanna eile déantar trí shéideog agus na síolta a chomhaireamh ina dhiaidh, chun eolas a fháil ar cé mhéad leanbh a bheidh ag duine.

Is beag fonn a bheidh ort an lomaire a thabhairt amach agus na caisearbháin a bhaint den léana anois, tá mé ag ceapadh! Tá i bhfad an iomarca le foghlaim ó na fiailí iontacha seo ar dtús.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.