Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar scéalta faoi Fhionn mac Cumhaill agus na Fianna.

Caoimhín Ó Cadhla

Gheall mé daoibh go mbeinn ag déanamh níos mó plé ar na scéalta fiannaíochta.

Breathnóidh mé anois ar na carachtair eile a bhí sna Fianna.

Bhí freastalaí tine ag Fionn mac Cumhaill agus ba é an t-oibrí ba leisciúla. An ceoltóir ab ansa le Fionn ba ea t-abhac Cnú Dearóil. Bhí carachtair eile neamhréireacha ann sna Fianna, ar nós laoch bodhar a bhí in ann gach rud a chloisteáil, laoch eile a raibh leathchos adhmaid aige a bhí ar an laoch ba sciobtha, laoch dall nár theilg sleá míchruinn riamh, bean Fhinn a bhí marbh san oíche ach beo sa lá agus laoch eile a bhí ina chailín bliain amháin agus ina bhuachaill bliain eile.

Tá réamhscéal ann faoi na Fianna, roimh bhreith Fhinn, go raibh athair Fhinn, Cumhalln agus Goll mac Morna in iomaíocht chun cumhacht a bhaint amach. De bharr na hiomaíochta seo bhí cath ann i gCaisleán Cnucha agus mharaigh Goll Cumhall sa chath.

Ba ré órga d’Fhianna Éireann ceannasaíocht Fhinn. Throid siad 10 mórchath lena linn. Bhí cath amháin fíochmhar ann in aghaidh Fhothadh Airgtheach, deartháir le Fothadh Canainne i Latharna (Ollarbha an logainm a luaitear sa scéal). Níor mhair ach 600 laoch d’Fhianna Éireann ón gcath sin.

Bhí cath eile ann i gCuan Dhún Droma, nó Tráigh Rudhraighe sa scéal. D’fhág Fionn beirt phrionsaí Connachtacha chun Tráigh Rudhraighe a chosaint. Bhí 400 laoch acu chun cuidiú leo agus an líon céanna searbhóntaí. Agus an oíche ag teacht chonaic siad loingeas ollmhór Lochlannach ag teacht. Ba iad Conus agus Conmhaol ceannairí na Lochlannach. Tháinig na Lochlannaigh i dtír agus d’ionsaigh na prionsaí Connachtacha agus a bhfórsa iad. Ag an am céanna bhí Fionn ina chodladh agus bhí brionglóid aige go raibh dhá rón liatha ag diúl ar a ucht. D’inis a fhile Fearghus Fíonbhéil leis gurb é ba chiall don bhrionglóid ná go raibh an bheirt phrionsaí Connachta i gcontúirt. Bhrostaigh Fionn go láthair an chatha. Faoin am ar shroich sé Tráigh Rudhraighe bhí na Lochlannaigh uile maraithe agus an dá phrionsa gortaithe go marfach. Tugadh Tráigh Rudhraighe ar an áit chun a léiriú gur tharla ár ann, gur trá ‘rua’ a bhí ann mar gheall ar an bhfuil a doirteadh.

Ceann de na scéalta is cáiliúla san Fhiannaíocht maidir le cath is ea an cur síos ar Chath Fionntrá.  Sheol Dáire Donn, rí an domhain, loingeas ollmhór go hÉirinn agus thug ball fealltach d’Fhianna Éireann treoir dóibh go Fionntrá. Ach bhí fairtheoirí curtha ag Fionn ag gach príomhthrá. Chuir sé Conn Crithir go Fionntrá. Rinne Conn cosaint mhaith ar Fhionntrá in éadan an loingis. Bhí cuidiú ag Conn ó thriúr ban a bhí i ngrá leis. Thug siad cúnamh draíochtach dó. Go gairid ina dhiaidh sin tháinig fear láidir ó na Fianna darb ainm Taistealach agus chloigh sé Dáire Donn, cé go raibh sé ina sháriomrascálaí. Chuir Conn Taistealach go dtí na Fianna chun iad a chur ar an eolas faoin ionradh. Ar an mbealach dúirt Taistealach le Tuatha Dé Danann faoin ionradh agus chuaigh siadsan go Fionntrá chun an áit a chosaint go dtí go dtiocfadh na Fianna. An chéad bhall d’Fhianna Éireann a tháinig ar Fhionntrá ná Oscar, a chloigh complachtaí den namhaid agus a chuir ruaig ar rí na Fraince.  Tháinig Dolar Durba ón loingeas ag déanamh cleasaíocht iontach le camán agus sliotar ach d’ionsaigh prionsa óg Ultach é. Lean an troid seo ar aghaidh ar feadh lá agus oíche. Mar gheall ar an troid fhíochmhar seo bhí laghdú mór mballraíocht na bhFiann agus bheartaigh Fionn seasamh mór a dhéanamh ina aghaidh na n-ionróirí. Cé go raibh an troid fíochmhar fuair na Fianna an lámh in uachtar sa chath. Mharaigh laoch Ultach an rí Lochlannach agus mharaigh Goll Mac Morna Conmhaol, mac le Dáire Donn, agus bhain Fionn a chloigeann de Dháire sa troid. Nuair nach raibh ach duine amháin de na hionróirí fágtha chuaigh Caol, dalta Fhinn, i mbun troda leis agus bádh an bheirt acu. Rinne bean chéile Chaoil caoineadh dó i véarsa.    

Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.