Tagann grúpaí pobail in Iarthar Bhéal Feirste le chéile in éadan an chiníochais

Cuireadh tús le Seachtain Frithchiníochais Iarthar Bhéal Feirste an tseachtain seo mar chuid d’Fháilte 25

Jack Mac Íomhair 

Ionadaithe ó ghrúpaí Gaeilge agus Polaiteoirí Iarthar Bhéal Feirste ag tacú le Fáilte 25

Tá clár an-chuimsitheach curtha le chéile ag Spórtlann na hÉireann mar chuid d’Fháilte 25 agus de Sheachtain Frithchiníochais Iarthar Bhéal Feirste. Seoladh Fáilte 25: Seachtain Frithchiníochais Iarthar Bhéal Feirste ag deireadh mhí Eanáir. Ag an tseoladh labhair Keisha Da Costa, United Against Racism, Jake Mac Siacais, Forbairt Feirste, agus Pat Sheehan CTR, Sinn Féin, faoin tábhacht a bhaineann leis an tionscadal seo.

Tá Fáilte 25 ag rith ón 17 Feabhra go dtí an 23 Feabhra. Mar chuid d’Fháilte 25 tá grúpaí Gaeilge chun tosaigh ag scríobh cairt frithchiníochais a chuireann de cheangal ar eagraíochtaí ar fud Iarthar Bhéal Feirste pobal fáilteach saor ó chiníochas a thógáil agus a chothú. Tá seachtain lán de cheol, damhsa, díospóireacht agus na healaíona beartaithe mar chuid de.

I measc na n-imeachtaí a bheas ag tarlú le linn na seachtaine, beidh cúrsaí oiliúna frithchiníochais agus an chéad Chorn Frithchiníochais Feirste, comórtas sacair cúigear an taobh oscailte do dhaoine d’aon inscne, aoiseanna 16 agus os a gcionn. Chomh maith leis sin, thug an tOllamh August Nimitz eochairaitheasc Fháilte 25 ag Léacht Fredrick Douglass, ar an ábhar Fredrick Douglass agus an Agóid in Aghaidh an Chiníochais Inniu. Beidh príomh-mhír Sheachtain Frithchiníochais Iarthar Bhéal Feirste, Lá Éagsúlachta Idirnáisiúnta, ag tarlú Dé Sathairn an 22 Feabhra i Spórtlann na hÉireann. 

Dúirt Seán Mistéil, Spórtlann na hÉireann, ‘gur teachtaireacht shoiléir é Fáilte 25 dóibh siúd a bhíonn i bhfolach in uair mharbh na hoíche ag scrábáil manaí ciníocha nach ndéanann siad ionadaíocht ar Iarthar Bhéal Feirste.’

‘Is maith a thuigeann Gaeilgeoirí an taithí ar eisiamh agus leithcheal. Níl aon iontas ann mar sin go bhfuil pobal na Gaeilge ceannródaíoch sa troid in éadan an chiníochais. Ní frása amháin é, “Céad Míle Fáilte” do Ghaeilgeoirí, is ábhar bróid é agus is rud a gcreideann Gaeilgeoirí ann.’ 

Clár iomlán ar fáil: https://issuu.com/sportlann/docs/f_ilte_25