Céard iad na nósanna a bhaineann le Lá Fhéile Vailintín agus cad as a dtagann siad?
Naomh Vailintín
Cérbh é San Vailintín? Tá 11 naomh darb ainmn Vailintín aitheanta ag an Eaglais Chaitliceach, agus creidtear go bhfuair ceathrar acu bás ar an 14 Feabhra. Luaitear dhá Naomh Vailintín sa Mhartarlaig Rómhánach.
I dtagairt amháin sa Mhartalaig Rómhánach deirtear an méid seo, “Sa Róimh, ar Via Flaminia, in aimsir an Impire Cláidias, lá breithe Vailintín Bheannaithe, sagart agus mairtíreach, tar éis dó mórán daoine a leigheas agus a theagasc, a bualadh le smístí agus a dícheannadh.’
Sa tagairt eile deirtear, “In Teramo, San Vailintín, easpag agus mairtíreach, a sciúrsáladh, a cuireadh i bpríosún agus, de bhrí gur fhan sé gan chroitheadh ina chreideamh, tógadh as a charcair é in uair mharbh na hoíche agus dícheannadh é ar ordú Placidus, maor na cathrach. San áit chéanna, gabhadh na mairtírigh naofa Proculus, Ephebus agus Apollonius nuair a bhí siad ag faire chorp San Vailíntín, cuireadh chun báis le claíomh iad ar ordú an Iar-Chonsail Leontius’.
Ní léir, mar sin, cé acu sagart nó easpag a bhí i San Vailintín. De réir na gcuntas mhair sé sa 3ú haois.

Na scéalta a bhain leis
Scéal amháin a bhain le San Vailintín ba ea gur thug sé radharc na súl ar ais d’iníon an Bhreithimh Asterius, a bhí dall. Mar gheall air seo ghlac Asterius agus 44 ball dá theaghlach leis an gCríostaíocht. Nuair a cuireadh chun báis é mar gheall ar bheith ag fógairt an tSoiscéil, chuir sé nóta chuig iníon Asterius agus scríobh sé ag an mbun ‘ó do Vailintín’. B’as seo, a deirtear, a fhaighimid an nath sin. Scéal eile faoi Vailintín ná go raibh sé de nós aige lánúineacha Críostaí a phósadh ionas nach mbéifí in ann na fir a choinscríobh. Chun grá Dé agus a mionn dá chéile a chur i gcuimhne do na lánúineacha, thugadh sé croí a gearradh as páipéar párach dóibh, nós a leanann lánúineacha inniu ar Lá Fhéile Vailintín.

Ceiliúradh Vailintín timpeall an domhain
Déantar Lá Fhéile Vailintín a cheiliúradh ar an 14 Feabhra chun an grá rómánsúil, de ghnáth, a cheiliúradh. San Eaglais Cheartchreidmheach déantar a fhéile a cheiliúradh ar an 6 Iúil.
Lá Hallmark
Sa domhan rachmasach ina mairimid, tógann comhlachtaí deis chun airgead a dhéanamh as féilte áirithe. An sampla is fearr de seo is ea an comhlacht Hallmark, a ghlac féilte seanbhunaithe nó a chruthaigh féilte nua chun cártaí a dhíol. Dá thoradh seo is nós é anois cárta Vailintín a thabhairt do do ghrá geal.
Lá Fhéile Vailintín in Éirinn
Ní fheictear in dúchas.ie go raibh Lá Féile Vailintín san fhéilire Gaelach, ach sin ráite, tá nasc éigin ag Naomh Vailintín le hÉirinn. Tá cuid de chorp Vailintín in eaglais de chuid na gCairmeileach ar Shráid na mBráithre Bána i mBaile Átha Cliath. Tá sé de nós ag lánúineacha ar Lá Fhéile Vailintín dul chun na heaglaise seo agus guí chuig San Vailintín agus a iarraidh air aire a thabhairt dóibh ina gcaidreamh. Tá amhrán deas ag an Máimín Cajun Band, Mo Vailintín, ag ceiliúradh an lae seo. Bhí an Amour Courtois mar chuid de shaothar filíochta na nGael sna meánaoiseanna, chun an grá a léiriú san fhilíocht.
Frásaí grá
Ní fiú a bheith ag scríobh faoi Lá Fhéile Vailintín agus cúrsaí grá gan cúpla nath grá a úsáid as Gaeilge. Seo cúpla ceann, táim cinnte go bhfuil i bhfad níos mó agat féin:
- A Ghrá
- A Shearc (bhí ball seirce ar leiceann Aonghuis Óig a mheall na mná chuige)
- Mo chuisle
- Mo stór
- Mo mhuirnín
- Mo chroí
- Tá dúil agam ionat
- Táim i ngrá leat
- Mo Vailintín
Tá súil agam go gcuideoidh na nathanna seo leat agus tú ag seoladh do theachtaireachtaí grá.
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.