Clár Sheachtain na Gaeilge seolta i Nás na Ríogh

Kerron Ó Luain

D’fhreastail An Páipéar ar sheoladh oifigiúil Sheachtain na Gaeilge i Nás na Ríogh. Seoladh clár imeachtaí Sheachtain na Gaeilge, a bheidh ar siúl i gceantar an Náis agus na Sollán mar chuid den fhéile idirnáisiúnta, Dé Céadaoin an 18 Feabhra ag ócáid speisialta  i dTeampall Naomh Dáibhí, an Phríomhshráid Thuaidh, an Nás. Bíonn clár cuimsitheach imeachtaí curtha le chéile ag Sult na Sollán le tacaíocht ó Chill Dara le Gaeilge gach bliain. 

Is é seo an chéad uair a eagraíodh ócáid ar leith le clár Sheachtain na Gaeilge a sheoladh sa cheantar. Bhí slua mór i láthair ag an ócáid agus iad faoi gheasa ag an gceol agus na hamhráin ó scoláirí Ghaelcholáiste Chill Dara a bhí i mbun ceol traidisiúnta faoi stiúir Eimear Ní Dhiomsaigh, chomh maith le píosaí ó Jim Nugent, Aisling Nic Aodha agus píosa filíochta ó Mháire Sinclair. 

Ba í Helena Ní Bhrolacháin a bhí mar bhean an tí ar an ócáid. Chuir sí fáilte chroíúil roimh an slua a bhí i láthair agus roimh Shiobhain Grogan, Cathaoirleach Choiste Sheachtain na Gaeilge, le dul trí chlár na bliana seo.

Tá clár imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2025 ar an Nás agus na Solláin lán d’imeachtaí bríomhara a spreagann úsáid na Gaeilge agus a dhéanann ceiliúradh ar ár gcultúr. Tá an fhéile seo dírithe ar phobal uile na háite, le himeachtaí oiriúnacha do gach aoisghrúpa, agus gach leibhéal líofachta sa Ghaeilge. Tá an téama i mbliana, Dóchas, le sonrú i ngach gné den chlár.

Mar a deir Grogan, ‘tá an clár i mbliana níos mó agus níos leithne ná riamh agus tá rud éigin ann do gach aoisghrúpa agus gach cumas Gaeilge. Tá sé an-tábhachtach dúinn go bhfuil cur chuige ionchuimsitheach againn, agus mar sin, beidh roinnt imeachtaí trí Ghaeilge amháin agus roinnt imeachtaí eile go dátheangach.’

‘Seo an chéad bhliain a bhí seoladh oifigiúil againn agus bhíomar breá sásta leis an slua a tháinig ar an oíche agus iad go léir ag caint faoi na 40+ imeacht ar an gclár! Táimid ag tnúth go mór le fáilte a chur roimh chuairteoirí chuig ár gceantar i rith Sheachtain na Gaeilge 2025.’

Ceann de na spriocanna is mó atá ag an bhféile ná níos mó spáis a chruthú do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh i dtimpeallacht shóisialta agus thaitneamhach. Beidh ciorcail chomhrá ar siúl ar fud an cheantair i rith na féile, i láthair éagsúil ar nós leabharlanna, caiféanna, agus clubanna CLG. Beidh Pop-Up Gaeltachtaí ann freisin, rud a thugann deis do dhaoine labhairt le cainteoirí eile i suíomh oscailte sóisialta. Feileann an clár seo dóibh siúd atá ag foghlaim na teanga agus dóibh siúd ar mhaith leo a gcuid scileanna a fheabhsú.

Tá ranganna Gaeilge eagraithe do dhaoine ag gach leibhéal cumais, ó ghlantosaitheoirí go cainteoirí níos líofa. Beidh ranganna speisialta ann do thuismitheoirí freisin, ag tabhairt deis dóibh Gaeilge a úsáid lena bpáistí.

Le linn na féile, beidh ceardlanna cruthaitheacha ar siúl chun cultúr agus teanga na hÉireann a chur chun cinn. Áirítear orthu seo ceardlann chócaireachta do dhaoine fásta, áit a bhfoghlaimeoidh rannpháirtithe conas miasa traidisiúnta Éireannacha a ullmhú trí Ghaeilge.

Beidh ceardlanna amhránaíochta sean-nóis agus seisiúin cheoil ann, chomh maith le scéalaíocht agus rannta do pháistí i leabharlanna áitiúla. Beidh club leabhar ann do léitheoirí atá ag iarraidh a scileanna léitheoireachta sa Ghaeilge a fheabhsú agus díospóireachtaí taitneamhacha a bheith acu faoi leabhair Ghaeilge.

Tá ról lárnach ag spórt agus gníomhaíochtaí amuigh faoin aer i gclár na féile. Cuirfear rith páirce dátheangach ar siúl i Ráschúrsa an Náis, ag tabhairt deis do rannpháirtithe taitneamh a bhaint as aclaíocht i dtimpeallacht Ghaelach.

Beidh ióga trí Ghaeilge ar fáil, chomh maith le siúlóidí pobail do gach aoisghrúpa. Déanfar ceiliúradh ar logainmneacha stairiúla na háite le turas treoraithe agus cainteanna faoi stair agus cultúr Chill Dara.

Le linn na féile, beidh seisiúin cheoil i dtithe tábhairne agus i hallaí pobail, áit a mbeidh ceoltóirí áitiúla ag seinm ceol traidisiúnta. Beidh céilithe pobail ar siúl, mar aon le ceol traidisiúnta, áit a mbeidh seisiún mall do thosaitheoirí agus ceol níos tapúla dóibh siúd ar mhaith leo dúshlán breise.

Tá clár imeachtaí speisialta do theaghlaigh agus do pháistí ar fáil i rith na féile. Beidh cluichí boird, ceardlanna, agus imeachtaí idirghníomhacha ann do pháistí óga. Beidh ceardlanna dúlra ar siúl do theaghlaigh freisin, áit a bhfoghlaimeoidh páistí faoin gcomhshaol trí Ghaeilge.

Críochnóidh an fhéile le féile shráide agus céilí i lár an Náis ar Lá Fhéile Pádraig. Deir Grogan gurb é ‘an fhéile shráide Ghaeilge is mó sa tír’ a bheidh ann. Beidh ceol beo, damhsa, agus atmaisféar iontach ann don lá mór, rud a fhágfaidh go mbeidh críoch spleodrach le Seachtain na Gaeilge.

Tá an coiste eagraithe buíoch as tacaíocht ó dhreamanna éagsúla nó, mar a mhaíonn Grogan, ‘gan an tacaíocht ó Chomhairle Contae Chill Dara, Éire Ildánach agus Conradh na Gaeilge, ní bheadh sé indéanta clár mar seo a chur ar fáil agus táimid fíorbhuíoch as an tacaíocht leanúnach sin.’

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar cilldaralegaeilge.ie agus sultnasollan.ie.