Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar scéalta Fhionn mhic Cumhaill agus na bhFiann
Nuair a smaoinítear faoi mhiotaseolaíocht na hÉireann smaoinítear faoin dá mhórshaothar litríochta (i dtaobh scríbhneoireachta agus béaloidis de), an Fhiannaíocht agus an Rúraíocht. San alt seo breathnóimid ar an bhFiannaíocht.
Tá an chéad tagairt atá againn don Fhiannaíocht le fáil i ndán ón seachtú haois.
Bhí an téarma fianna in úsáid le tagairt do laochra a bhíodh i mbun seilge. Traenáil do na laochra óga ba ea dul amach faoin tuath ag seilg chun a scileanna cogaíochta a neartú. Nuair a rinne na Laighnigh iarracht Gleann na Bóinne a fháil ar ais sa chúigiú agus séú haois d’úsáid siad Fionn mac Cumhaill mar charachtar chun iad féin a ghríosadh. Ní raibh tagairt d’Fhionn sna scéalta Fiannaíochta roimhe sin. Ach le himeacht ama aithníodh é mar Fhéinnidh na Féinne, is é sin le rá ceannaire na bhFiann. Bhí go leor scileanna ag Fionn, fáidh, laoch agus sealgaire.


I scéalta níos déanaí cruthaíodh nasc idir na Fianna agus Cormac mac Airt. Chonacthas Fianna Éireann mar óglaigh a raibh dhá mhórchlann bainteach leo, Clann Bhaoiscne agus Clann Mhorna.
I gcuid de na scéalta rinneadh cur síos déanta ar an gcaoi a dtéadh na Fianna i mbun seilge ar fhianna agus ar thoirc. Creidtear go bhfuil na cuntais sin bunaithe ar fhíorghrúpaí fear a bhíodh i mbun seilge ag an am. Bhíodar ag cócaráil ar bhior nó i bpoll sa talamh ar a dtugtar fulacht fia nó fulacht fiann. Tá iarsmaí na bhfulachtaí fiann le feiceáil timpeall na tíre go fóill.
De réir a chéile tosaíodh béim níos míleata ag teacht chun cinn sna scéalta. I lámhscríbhinn amháin ón aonú haois déag luaitear gur roghnaigh an Rí Cormac mac Airt trí oiread caoge taoiseach d’Fhianna Éireann agus Fionn mac Cumhaill mar cheann foirne Fhianna Éireann. Nuair a chuaigh óglach isteach sna Fianna, gheall a theaghlach nach lorgóidís díoltas dá bhfaighfeadh an fear óg bás i mbun seirbhíse sna Fianna.
Bhí cáil ar riachtanais iontrála Fhianna Éireann. Bhí ar an earcach a bheith ina fhile agus ina lúthchleasaí. Ceann de na scrúduithe a dhéanfadh sé ná seasamh i bpoll sa talamh agus é féin a chosaint ó ghathanna a bhí á gcaitheamh ag naonúr. I dteist eile bhí ar an iarrthóir rith trí choill ar shiúl ó na Fianna eile, gan ligean do ribe dá ghruaig corradh agus gan cipín coille a bhriseadh. Chomh maith leis sin b’éigean dó léim thar chraobh chomh hard lena éadan agus cromadh faoi chraobh eile chomh híseal lena ghlúin, agus dealg a bhaintas a chos gan luas reatha a chailleadh.
De réir scéalta áirithe bhí trí chathlán sna Fianna, nó seacht gcathlán de réir scéalta eile. Is iad na cúig phríomhlaoch seachas Fionn sna Fianna ná Lughaidh, Lágha, Oscar, Goll agus Caoilte. Bhí siadsan i nach mór gach scéal faoi na Fianna. Luaitear Oisín agus Diarmuid Ua Duibhne chomh maith. Bhí deartháir le Goll, Conán Maol, mar namhaid ag na Fianna. Bhí Caoilte ina reathaí den scoth.
Cuirtear síos i scéal amháin ar thrí phrionsa ón Iorua a chuidigh le Fionn tascanna deacra a chomhlíonadh. Bhí cú ag na prionsaí a bhí in ann ór agus beoir a casacht óna bhéal nuair a d’iarrfaí air. Bhí scéal eile faoi Leargan a bhí chomh tapa ag rith go raibh sé in ann carrianna a thabhairt le chéile mar a bheadh aoire bó in ann eallach a thabhairt le chéile.
Bhí na Fianna in ann comhoibriú le strainséirí a raibh scileanna éagsúla chun a spriocanna a bhaint amach. mar shampla páistí a tharrtháil ó fhathach.
Bhí éagsúlacht ann i measc charachtair na bhFiann, cosúil le Daolghus, an fiann is airde, Mac Méin an fiann is lú agus Deardubha, an carachtar is measa sna Fianna.
Tá go leor scéalta eile ann faoi na Fianna agus breathnóimid orthu in eagráin eile amach anseo.
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.