Tá Stoirm Éowyn tar éis dochar mór a dhéanamh in Éirinn, le 133,000 teach, feirm, agus gnólacht sna sé chontae is fichead fós gan leictreachasoíche Dé Céadaoin, go háirithe i gceantair an iarthair agus an iarthuaiscirt. Sna sé chontae, bhí 37,000 fós gan leictreachas Dé Céadaoin, nach mór seachtain i ndiaidh don stoirm bualadh.
Deir an Bord Soláthar Leictreachais go bhfuil 3,000 cuaille leictreachais ar fud an stáit le cóiriú. Tá 7,500 duine fós gan soláthar uisce, ach tá Uisce Éireann ag tuairisciú go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh chun na custaiméirí sin a athcheangal. Bhí 300 foirgneamh fós gan soláthar uisce sna sé chontae Dé Céadaoin.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!