Tá Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Hilary Benn, tar éis diúltú don chéad iarratas ó na páirtithe aontachtacha Coscán Stormont a chur i bhfeidhm
Bhí na páirtithe aontachtacha ag fanacht go fonnmhar ar fhreagra Rialtas na Ríochta Aontaithe ar a gcéad iarratas Coscán Stormont a chur i bhfeidhm. Dé Luain dhiúltaigh an rialtas don iarratas an mheicníocht iar-Bhreatimeachta a chur i bhfeidhm de bhrí go bhfuil cúrsaí a bhaineann le lipéadú ceimiceán faoi chúram an Tionóil cheana féin.
Sheol Hilary Benn achoimre ar an chinneadh go Ceann Comhairle an Tionóil, Edwin Poots. Sa litir dúirt sé nach mbaineann rialacha an AE an tairseach amach go mbeadh tionchar suntasach go sainiúil ar ghnáthshaol mhuintir na sé chontae. Tá sé ar intinn Rialtas na Breataine comhairliúchán a chur ar bun maidir le córas seasmhach a chur i bhfeidhm ar fud na Ríochta Aontaithe, má tá sé ag teastáil, chun cosaint a dhéanamh ar mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe.