Seachtain insealbhaithe Trump lán conspóide 

Kerron Ó Luain

Tá athruithe móra beartais curtha i bhfeidhm ag Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, tar éis dó filleadh ar oifig. 

Tharraing Trump tacaíocht na Stát Aontaithe siar ó mhargadh cánach domhanda de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), a bhí dírithe ar ráta cánach corparáideach 15% a chur i bhfeidhm. D’fhéadfadh an cinneadh seo teannas a chruthú leis an Aontas Eorpach agus dúshláin a chruthú do stát sé chontae is fiche na hÉireann, atá ag brath go mór ar chomhlachtaí ilnáisiúnta Meiriceánacha.

Tá SAM tarraingthe as an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus as Comhaontú Aeráide Pháras ag Trump chomh maith. Tá cead tugtha aige do chomhlachtaí breosla dul ag druileáil in Alasca. Tá buairt ar shaineolaithe áirithe go ndéanfaidh Trump dochar d’iarrachtaí na n-uachtarán a thiocfaidh ina dhiaidh dul i ngleic leis an téamh domhanda.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!