Agus Nollaig na mBan ag druidim linn, seo cur síos ar na traidisiúin a baineann leis an bhféile
Tá traidisiún go háirithe i gCúige Mumhan go ndéanann na mná ceiliúradh ar an 6 Eanáir. An fáth leis seo ná bhíodh na mná ag obair an t-am ar fad i rith na Nollag agus bhíodh an 6 Eanáir mar shos dóibh. Dhéanadh na fir an glanadh suas agus béilí sa teach an lá sin. Théadh na mná amach. Ní bhíodh fáilte roimh mhná i dtithe tábhairne de ghnáth blianta ó shin, seachas Lá Nollag na mBan. Bhíodh nathán i measc na bhfear, ‘Nollaig na mBan, Nollaig gan mhaith’, de bhrí go mbeadh an chuid is mó de bhia agus deoch na Nollag imithe faoin tráth sin. Ach chomh maith leis sin, bhíodh sé de nós ag mná dul go teach áirithe agus an ceiliúradh a dhéanamh sin, agus na fir a fhágáil i mbun an bhacáin.
An lá atá inniu ann bheifeá ag súil go mbeadh na fir ag déanamh a gcuidse i rith na Nollag, agus ní sos a bheadh i gceist ach cúis cheiliúrtha é Nollaig na mBan ar aon nós. Dar ndóigh níl bac ar mhná sna tithe tábhairne an lá inniu ann. Níl an traidisiún teoranta do Chúige Mumhan amháin na laethanta seo ach an oiread, nó tá sé á cheiliúradh timpeall na tíre (féach imeachtaí na Gaeilge chun do cheiliúradh áitiúil as Gaeilge a aimsiú). Is nós deas é agus gura fada buan é mar thraidisiún.
Eipeafáine
Tá ainmneacha eile ar Lá Nollag na mBan: Eipeafáine, an Nollaig Bheag, Lá Cinn an Dá Lá Dhéag agus Achar an Dá Lá Dhéag. Dar ndóigh tá Eipeafáine ina ceiliúradh eaglasta, nuair a chuimhnítear ar an uair a shroich na Trí Rithe an leanbh Íosa i mBeithil agus a bhronn siad na trí bhronntanas air, ór, túis agus miorr.
Tá traidisiúin Ghaelacha eile ag baint leis an lá seo chomh maith. I Laighin agus in Ulaidh bhí sé de nós coinnle feaga a lasadh. Lastaí 12 choinneal in onóir do na haspail. Chuirtí ainm duine den teaghlach ar gach coinneal, agus mura raibh a dhóthain ainmneacha sa teaghlach, chuirtí ainmneacha na gcomharsan orthu chomh maith. De réir an oird a ndófaí na coinnle as, chreidtí gurbh amhlaidh an t-ord a gheobhadh na daoine a raibh a n-ainm ar gach coinneal bás. Ócáid an-dáiríre ba ea lasadh na gcoinnle. Dhéantaí na coinnle a ghreamú i mbualtrach thriomaithe nuair a bhítí á lasadh. Nuair a bhíodh na coinnle go léir dóite, chaití an bhualtrach thar dhoras na bualtraí chun tinneas a choinneáil amach ar feadh na bliana ó na beithígh.
I gCois Fharraige i gContae na Gaillimhe bhí deirtear gur féidir oileán draíochta a fheiceáil amach ón gcósta gach seachtú bliain Lá Nollag na mBan.
Foinse: Mag Eacháin, C. (2022) Ó Cheann Ceann na Bliana – Nósanna an Fhéilire in Éirinn. An Spidéal: Cló Iar Chonnacht
Tá an cáilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.