Neart déanta ach neart le foghlaim fós ag an ngluaiseacht teanga agus rialtas nua ar an bhfód anois.

Déantar anailís ar an gcaoi gur léirigh forbairtí polaitíochta le tamall anuas na láidreachtaí agus laigí atá i ngluaiseacht na Gaeilge.

Bill Breathnach

Sa bpolaitíocht scaití ní bhíonn sé maith go leor a bheith i bhfabhar rud éigin nó i gcoinne rud éigin eile. Caithfear a bheith in ann do chuid mianta a chur in ord tosaíochta.

Ar ndóigh, thug an clár rialtais a foilsíodh ag tús na míosa é seo le fios. In ainneoin an ghéarcháinte a rinne lucht na stocaireachta air, agus cáipéis dhíomách a bhí ann cinnte, bhí rudaí áirithe dearfacha istigh ann ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta de.

Sheas trí rud shuntasacha amach sa gclár rialtais. I dtús báire, rinneadh tagairt do chúrsaí tithíochta sa nGaeltacht agus gealladh go gcuirfear i bhfeidhm pleananna forbartha speisialta le spriocanna áirithe ann do thithíocht.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!