Leanann an scéal faoi chomharthaíocht dhátheangach ar aghaidh i gComhairle Ceantair Lár Uladh

Cuirfear comhartha dátheangach in airde i gCo. Dhoire tar éis do chónaitheoir amháin a rá go bhfuil siad ar a shon

Jack Mac Íomhair

Cuirfear comhartha dátheangach in airde ar Radharc an Chairn, Maigh Ó gColla, mar gheall ar an aon chónaitheoir amháin a léirigh dearcadh go raibh siad ar a shon. Ciallaíonn sé sin go raibh tromlach 100% i bhfabhar an chomhartha, go teicniúil, de réir rialacha na comhairle. D’eisigh Comhairle Ceantair Lár Uladh 10 suirbhé, ach ní bhfuarthas ach freagra amháin ar ais. 

De réir tuairisce a chuir an BBC le chéile ag tús mhí na Nollag is í Comhairle Ceantair Lár Uladh an chomhairle is measa ó thaobh loitiméireacht ar chomharthaí dátheangacha i gcomparáid leis na comhairlí go léir. Tharla níos mó ná dhá thrian de na 300 eachtra loitiméireachta a tharla ar fud na sé chontae i limistéar Chomhairle Ceantair Lár Uladh, agus bhí costas £21,000 ann dá bharr sin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!