Cultúrlann don Nás agus na Solláin?

Kerron Ó Luain

Tá sé i gceist ag lucht Chill Dara le Gaeilge cultúrlann a fhorbairt sna blianta amach romhainn. Seoladh dara plean teanga an ghrúpa an bhliain seo caite. Tá ceithre réimse luaite sa phlean – an phleanáil teanga, an Ghaeilge sa phobal (Teaghlaigh Chill Dara san áireamh), scéim gnó (Gnó Chill Dara) agus Cultúrlann Chill Dara.

Mar atá ráite sa phlean teanga, a chuimsíonn na blianta 2024-2030, ‘is cuid den fhís fhadtéarmach atá ag Cill Dara le Gaeilge Cultúrlann Chill Dara a bhunú, ionad a bheidh ina áis don chontae ar fad chun an cultúr agus an Ghaeilge a chur chun cinn’.

I mblianta 2-3 den phlean teanga tá sé i gceist go mbeadh plean forbartha ann don chultúrlann agus faoi dheireadh 2030 go mbeadh dul chun cinn maith déanta leis an bplean.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!