Beidh cuimhneachán orthu siúd a maraíodh sa bhuamáil mar chroílár an fhiosrúcháin agus an Tiarna Turnbull ag iarraidh na hiarmhairtí a d’fhulaing daoine mar gheall ar an bhuamáil a thuigbheáil.
Cuireadh tús le fiosrúchán ar bhuamáil na hÓmaí Dé Luain in Ionad Ealaíon na Sruthaile ar an Ómaigh. Thosaigh imeachtaí le léamh ainmneacha na n-íospartach agus bomaite ciúnais ina dhiaidh sin. Tá an fiosrúchán ar siúl 27 bliain i ndiaidh an ionsaithe a rinne an Fíor-IRA (mar a ghlaoch siad orthu féin) ar an bhaile, inar maraíodh 29 duine, bean a bhí ag súil le cúpla san áireamh. Bhí an t-ionsaí a rinneadh in 1998 ar an ainghníomh is mó a rinneadh le linn na coimhlinte.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!