Normalú na Gaeilge

A Eagarthóir, a chara,

Tagaim le Seathrún Sardina (Ní saoradh na Gaeilge go dínormalú radacach an Bhéarla, An Páipéar an 22 Samhain 2025) go bhfuil gá le gníomhartha chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a tharrtháil.

Ach maidir le dínormalú an Bhéarla, nár cheart dúinn tabhairt faoin Ghaeilge a normalú ar dtús?

Cé comh deacair a bheadh sé a bheith páirteach i bhfeachtas Na Céad Focail agus na Focail Deiridh i nGaeilge? Muidne ag cloí leis agus ag iarraidh ar chuile duine a dhéanamh amhlaidh, bídís ar gach leibhéal eolais ar an teanga, idir áitreabhaigh agus imirceánaigh. Ag beannú, ag fágáil slán, ag gabháil buíochais agus fáiltiú, ag gabháil leithscéil, ag cur síos ar an aimsir …

Bheadh áit do chuile dhuine ina leithéid agus sílim go neartófaí tacaíocht dóibh siúd i mbun gnímh dá bharr. Déanaimse ins na siopaí agus na caiféanna é agus tá beirt freastalaíthe ón Phacastáin ag mo fhreagradh i nGaeilge.

Le dea-ghuí,

Diarmuid Breatnach,
Droim Chonrach, BÁC.

Éileamh stop a chur le heiseachadadh Sheáin Walsh

A Eagarthóir, a chara,

Is Poblachtánach ó Chorcaigh é Seán Walsh atá i ngéibheann i bPríosún Phort Laoise. Beidh Walsh os comhair na cúirte arís an mhí seo ar an 21 Eanáir agus é curtha ina leith gur ball den IRA Nua é, go raibh sé ag díriú gníomhaíochtaí na heagraíochta sin agus gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta. Tá Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann ag iarraidh go ndéanfar é a eiseachadadh ó thuaidh go Príosún Mhaigh gCabraí i gContae Aontrom le haghaidh a thabhairt ar chúiseamh i ndlínse an tuaiscirt gur ball den IRA é. Tá lucht tacaíochta Walsh ag cur in éadan an iarratais seo é a eiseachadadh, ag líomhnadh go bhfuil príosún Mhaigh gCabraí faoi smacht ag MI5, gníomhaireacht slándála na Ríochta Aontaithe. 

Tuairiscíodh go mbeidh an cás ag dul ón gCúirt Uachtarach go dtí an Chúirt Bhreithiúnas Eorpach an dara huair le déanaí. 

Tháinig an scéal seo chun cinn mar chuid den ghaiste a chuir MI5 roinnt blianta ó shin in Oibríocht Arbacia inar gabhadh an-mhórán easaontóirí poblachtacha. 

Is iad na príomhargóintí a dhéantar i gcoinne eiseachadadh Sheáin Walsh ná go mbeadh a chearta daonna i mbaol má bhogtar go Maigh gCabraí é, ó tharla go mbeadh sé scoite óna chomrádaithe agus go ndéanfaí lomchuardach air. Deir lucht tacaíochta Walsh gur céasadh é seo de réir an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, agus gur chóir dá réir an cás a chaitheamh amach. 

Dúirt Brian Kenna, urlabhraí de chuid an Chumainn Leasa Cimí Poblachtacha Éireannacha, “Níor chóir Seán a eiseachadadh. Ba cheart go mbeadh sé in ann a shaol a chaitheamh saor ó MI5 atá i gceannas ar Mhaigh gCabraí, ba cheart go mbeadh sé saor ó chúirteanna gan ghiúiré na Sasanach. Is ceist faoi chearta daonna é ceist Sheáin Walsh agus ba chóir go mbeadh gach Poblachtánach ag labhairt amach i gcoinne naimhdeas MI5 agus naimhdeas na Breataine i gcoinne Poblachtánach”.

Le meas,
Ainm leis an Eagarthóir