Is féidir caint gan stad ar stádas na Gaeltachta agus na Gaeilge. Ach más cearta atá uainn, ní mór díriú ar an freagraí – gníomh díreach agus dí-normalú radacach an Béarla.
Níl éalú ón teanga choilíneach. Tá Béarla brúite orainn ag oifigí rialtais, ag comhlachtaí poiblí, ag seirbhísí éigeandála agus ag chuile chuid eile den tsochaí nach mór.
Ó thaobh ár dteanga de, ní féidir saoirse, cearta, ná meas bunúsach fiú, a shamhlú gan cumhacht, cáil, agus normáltacht a bhaint den Bhéarla. Is gá díriú air sin – agus ar cén chaoi an fhadhb sin a réiteach. Chuige sin, is gá cloí le gníomh radacach agus le dínormalú iomlán an Bhéarla mar aidhm dheiridh.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!