An líon is mó daoine gan dídean i bPoblacht na hÉireann faoi láthair

Os cionn 4,600 páiste agus 10,500 duine fásta a d’úsáid lóistín éigeandála i mí na Samhna

Bill Breathnach

D’úsáid 15,199 duine lóistín éigeandála poiblí mí na Samhna seo caite i bPoblacht na hÉireann, an ráta is mó ó cuireadh tús le taifid os cionn 10 mbliana ó shin.

Ina measc, bhí 4,658 páiste i lóistín éigeandála idir an 18 agus an 24 Samhain de réir na bhfigiúirí atá foilsithe ag an Roinn Tithíochta mar chuid den tuairisc mhíosúil maidir le heaspa dídine.

Tugann na huimhreacha seo le fios an líon daoine a d’fhan i lóistín éigeandála atá faoi bhainistíocht ag údaráis áitiúla i rith seachtain amháin de gach mí.

Mar sin féin, ní chomhairítear daoine a chodlaíonn ar na sráideanna, iarrthóirí tearmainn nó daoine a fhanann i gcineálacha lóistín eile cosúil le tearmainn do mhná.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!