An Leigheas i mBéaloideas na hÉireann

Tá na céadta bliain de thraidisiún a bhaineann leis an leigheas in Éirinn, traidisiún nach n-aithnítear

Caoimhín Ó Cadhla

Dúirt an t-antraipeolaí cáiliúil Margaret Mead gurbh é an chéad chomhartha ar an tsibhialtacht ná féimear cneasaithe, sé sin le rá go ndearnadh comhoibriú chun an chnámh sin a chneasú. Dúirt sí, ‘Ag cabhrú le duine eile trí dheacracht is ea an áit a dtosaíonn an tsibhialtacht’. Más é sin an cás tá an tsibhialtacht le feiceáil i ngach cultúr ar domhan agus ní raibh cultúr na nGael aon phioc éagsúil.

Iomhá: Ó The Compleat Bone-Setter (Turner, 1665, ábhar tosaigh)

Tá an chéad tagairt atá againne Gaeil don leigheas sa seachtú haois faoi dhia Gaelach darb ainm Dian Céacht. ‘Saoi leighis Éireann’ a chuirtear air. Bhí sé féin agus a thriúr deartháireacha ina lianna ag céad Chath Mhaigh Tuireadh. Ag dara Cath Mhaigh Tuireadh bhí sé ina lia lena bheirt mhac agus a iníon. Ag an dara cath chruthaigh sé Tobar Sláine chun daoine leonta de Thuatha Dé a leigheas, agus chan sé orthaí in aice leis an tobar. Dúirt sé go leigheasfadh sé aon ghortú seachas dícheannadh nó dianghortú inchinne. Nuair a baineadh leathlámh de rí Thuatha Dé Danann, Nuada, chuir Dian Céacht lámh airgid air. Ach bhí mac Dhian Céacht, Miach, in ann leigheas níos fearr a chur ar fáil, agus thug sé fíorlámh don rí. Bhí éad ar Dhian Céacht agus bhuail sé a mhac ar an gceann trí huaire, ach gach uair bhí Miach in ann é féin a leighis. Ach ar an gceathrú buile ghearr sé inchinn Miach ina dhá leath agus mharaigh sin é. Adhlacadh Miach agus d’fhás 365 luibh óna uaigh, ceann do gach alt agus féitheog ina chorp. Bhailigh a dheirfiúr, Airmeith, na luibheanna ach mheasc Dian Céacht iad ionas nach mbeadh a fhios ag aon duine cén leigheas a bhaineann le gach luibh.

Tagairt eile don traidisiún láidir leighis in Éirinn ag dul siar na céadta bliain is ea treoir a thugtar san Fhéineachas maidir le conas ospidéal a reáchtáil, lena n-áirítear a chinntiú go bhfuil aer úr ag teacht isteach san ospidéal i gcónaí agus sruth uisce ag rith tríd an bhfoirgneamh.

Bhí clanna áirithe ann a raibh traidisiún leighis ag baint leo i gcónaí, mar shampla muintir Uí Icí, muintir Uí Chaiside agus muintir Uí Laoi. Go dtí an lá atá inniu ann tá dochtúirí agus poitigéirí ann a bhfuil na sloinnte sin orthu.

Bhí ceird an leighis chomh tábhachtach sin dár sinsir Gaeil go raibh níos mó lámhscríbhinní leighis i nGaeilge ná aon teanga eile ar domhan roimh 1800, de réir an scoláire ar an léann Ceilteach Peter Berresford Ellis. Tá an stór mór seo lámhscríbhinní á aithint ag scoláirí i Má Nuad inniu agus tá tionscadal tosaithe acu dar teideal LEIGHEAS chun na lámhscríbhinní seo a aistriú agus anailís dhigiteach a dhéanamh orthu.

Ach tá traidisiún béaloidis ann chomh maith maidir le cúrsaí leighis. Bhí mná feasa ann a raibh fios a ngnó acu i dtaobh luibheanna de. Bhí orthaí á n-úsáid acu chomh maith. Duine de na mná feasa a bhí i mbun na ceirde sin ba ea Biddy Early.

Íomhá: Scannán “Bean Feasa”, 2022, le Máirín de Buitléir, Bernie Ní Dhuibhir, Máire Bheag Breathnach, Conor Cupples agus Fiachra McConway Branch.

Tá traidisiún ann go dtí an lá atá inniu de chúipinéirí a chneasaíonn cnámha briste.

Tá go leor béaloidis bailithe i gCnuasach Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, faoi leigheas tíre. Tá níos mó eolais ag comhlachtaí cógaisíochta ar luibheanna san Amasóin ná atá ar eolas acu ar úsáid leighis luibheanna na hÉireann agus na Breataine. Ba chóir do na comhlachtaí cógaisíochta sin a bheith ag breathnú ar na lámhscríbhinní leighis agus an bailiúchán béaloidis lena fheiceáil an bhfuil aon leigheas nua ann gur féidir a aimsiú. Is de bharr an choilíneachais nach n-aithnítear luach an eolais seo. Má tá eolas leighis le foghlaim ó chultúr na nGael, samhlaigh an méid eolais atá le foghlaim ó gach teanga eile ar domhan (thart ar 7,000) chomh maith!

Tá cáilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.