An G20 – Airgead, Argóint, Armlón

Tá cuireadh faighte ag Éirinn ón Aifraic Theas páirt a ghlacadh i gcruinnithe G-20 in 2025. Nuair a chéadchuala mé an scéal seo mhothaigh mé borradh de bhród náisiúnach athdhúchasach. Ach láithreach bonn, agus féin-náire orm as mo sheobhaineachas, chuir mé an cheist, an cúis bhróid é seo? Cén fáth a mbeadh bród ar mo leithéidse, Tadhg an mhargaidh, go mbeadh Harris, Martin, agus a leithéid ag lútaíl ar bhoic mhóra G-20 (an Aifraic Theas, an Airgintín, An Araib Shádach, an Astráil, an Brasil, an Ríocht Aontaithe, an Chóiré Theas, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Indinéis, an India, an Iodáil, an Rúis, an tSeapáin, an tSín, an Tuirc, Ceanada, Meicsiceo agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, chomh maith leis an Aontas Eorpach agus an tAontas Afracach). Sin 21 de réir mo chomhairimh ach is cuma. Is maith leis na boic mhóra na huimhreacha slánaithe.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!