2025, bliain athshocraithe i bpolaitíocht na sé chontae?

Chonacthas roinnt athruithe i saol na polaitíochta sna sé chontae in 2024, ach an mairfidh siad in 2025?

Jack Mac Íomhair

Bhí 2024 gnóthach do na sé chontae, ach cad é faoi 2025? An bhfuil íomhá níos dearfaí ann? Beidh an Tionól ag feidhmiú ag tús na bliana, táthar ag súil le clár an rialtais a chur i bhfeidhm, agus tá an buiséad amuigh i gcomhair comhairliúchán poiblí. 

Le linn na Nollag d’fhógair Conor Murphy, an tAire Geilleagair, go mbeidh sé ag seasamh sa toghchán don tSeanad. Cruthaíonn an cinneadh seo ceisteanna do Shinn Féin, má éiríonn le Murphy. Cé a thiocfaidh isteach d’fhear atá tar éis 36 bliain a chaitheamh i ndomhan na polaitíochta le Sinn Féin? Agus níos tábhachtaí fós, cé a roghnóidh Sinn Féin don ról thábhachtach mar aire geilleagair?

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!