Suirbhé déanta ag Coimisiún na Meán ar an nGaeilge sna Meáin

Caoimhín Ó Cadhla

D’fhoilsigh Coimisiún na Meán torthaí ar shuirbhé a rinne siad maidir leis an nGaeilge Dé Máirt an 17 Nollaig. Tá athbhreithniú leathan á dhéanamh ag Coimisiún na Meán ar sheirbhísí ag us ábhar i nGaeilge sna meáin i gcoitinne.
Rinneadh an suirbhé i mí an Mheithimh agus mí Iúil 2024 i measc 1,200 duine thar 18 mbliana d’aois sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Bhí naoi gceist i gceistneoir an tsuirbhé.

Bhí locht amháin sa mhodh taighde sa mhéid is gur thuairiscigh 100% de f hreagróirí na Gaeltachta gur cainteoirí Gaeilge iad. Ní féidir leis an sampla sin a bheith ionadaíoch, ar ndóigh, mar níl Gaeilge ach ag 66% de dhaonra na Gaeltachta dar le Daonáireamh 2022.
An toradh is suntasaí a thagann as an suirbhé seo ná go bhfuil 64% den phobal náisiúnta agus 87% de chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht ag iarraidh níos mó ábhar Gaeilge a bheith ar an teilifís.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.