Príomhghradam Scannán Neamhspleách na Breataine buaite ag Kneecap

Tá seacht gcinn de Ghradaim Scannán Neamhspleách na Breataine buaite ag an scannán Gaeilge Kneecap, an príomhgradam ina measc, an Scannán Neamhspleách is Fearr de chuid na Breataine.
Fuair an scannán, atá bunaithe ar scéal leathfhicseanúil faoin gcaoi ar cruthaíodh an bhuíon rapcheoil Kneecap ó iarthar Bhéal Feirste, gradam an scríbhneora nua is fearr do Rich Peppiatt agus an phríomhaisteora is fearr do Liam Óg Ó Hannaidh, Naoise Ó Cairealláin agus JJ Ó Dochartaigh. Fuair an scannán 14 ainmniúchán.

Fógraíodh buaiteoirí 27ú Gradaim Scannán Neamhspleách na Breataine le linn searmanais i Roundhouse Londain tráthnóna Dé Domhnaigh. Ar an gcairpéad dearg, mhínigh Naoise Ó Cairealláin, a bhfuil aithne níos fearr air mar Mhóglaí Bap, an fáth ar cheap sé go raibh an lucht féachana ag tarraingt ar an scannán.

“Tá go leor daoine a d’fhulaing faoin impiriúlachas agus faoin gcoilíneachas agus feiceann go leor daoine iad féin sa scéal,” a dúirt sé. “Teangacha mionlaigh, cultúir mhionlaigh ag dul i gcion ar an gceist.” Dúirt ball eile den bhanna ceoil, Liam Óg Ó Hannaidh (Mo Chara), “Shíl muid gur scannán faoin nGaeilge a bhí ann, ach is scéal idirnáisiúnta é teangacha atá faoi chois agus go leor daoine bainteach leis.”Is féidir le grúpaí mionlaigh, ar nós Meiriceánaigh Dhúchasacha agus Aboriginal Astrálach, “iad féin a fheiceáil sa scéal”, a dúirt sé.