Cuireann Caoimhín Ó Cadhla síos ar na traidisiúin a chleachtaítear gach Lá Fhéile Stiofáin.

Ar an 26 Nollaig tá traidisiún in Éirinn atá ina cheiliúradh ar Lá Fhéile Stiofáin, is é sin fiach an dreoilín. Go deimhin glaoitear Lá an Dreoilín ar an lá sin freisin. Cad as a dtagann an nós seo?

Tá scéal ann faoin dreoilín agus an chaoi a ndearnadh rí na n-éan di i gcomórtas leis na héin go léir eile. Socraíodh go ndéanfaí rí den éan a bheadh in ann eitilt níos airde sa spéir ná gach éan eile. Chuaigh an dreoilín i bhfolach i gcleiteacha droma an iolair i ngan fhios dó, agus nuair a d’eitil an t-iolar chomh hard agus a bhí sé in ann, léim an dreoilín dá dhroim, ag rá gurbh eisean rí na n-éan mar bhí sé níos airde sa spéir ná na héin go léir eile. 

I bhfinscéalta Aesóp atá an tagairt is luaithe don scéal seo. Ach sa leagan Gaelach, nuair a théann an dreoilín síos i ndiaidh a dhuais a bhaint, gortaíonn an t-iolar a dhroim agus, mar gheall air sin, níl an dreoilín in ann eitilt ar feadh achar ama rófhada anois.

Lá an Dreoilín – Grianghraif: Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath

Scéal eile faoin dreoilín ná gur bhéic sé amach nuair a chonaic sé Naomh Stiofán (nó Íosa féin, ag brath ar an leagan den scéal) i bhfolach agus é ar a sheachnadh ó na Rómhánaigh, agus tar éis don dreoilín sceitheadh air rinneadh mairtíreach de Stiofán (nó Íosa). Is mar sin a thuill an dreoilín droch-chlú dó fhéin.

Tá sé de nós ag lucht an dreoilín dul amach ag fiach chun an dreoilín a mharú Lá Fhéile Stiofáin, Lá an Dreoilín. San am a chuaigh thart théadh scata buachaillí, is é sin fir nach bhfuil pósta, amach agus iad gléasta i mbréagriocht, agus chuirfidís an dreoilín marbh bocht i mbosca agus théadh siad ó theach go teach ag iarraidh airgid chun an dreoilín a chur sa talamh. Mura dtabharfadh bean nó fear an tí airgead nó dá maslódh siad lucht an dreoilín, d’fhéadfadh siad an dreoilín a adhlacadh i dtalamh úinéir an tí agus bheadh mí-ádh ar an duine sin ar feadh bliana.

Bíonn sé de nós ag lucht an dreoilín amhrán a chanadh agus iad ag teacht go dtí an doras.  Tá leaganacha éagsúla acu, uaireanta i mBéarla, uaireanta i nGaeilge. Seo sampla de rann amháin:

‘Dreoilín, dreoilín, rí na n-éan,
Is mór do mhuirín, is beag tú féin,
Éirigh suas a bhean an tí,
Beir ar chois na scine buí,
Is tabhair pingin don dreoilín.’

Is rann ó Ghaoth Sáile i gContae Mhaigh Eo é seo.  

Bíonn carachtair faoi leith i lucht an Dreoilín ar nós ‘an Captaen’, ‘an tAmadán’ agus ‘an Óinseach’, buachaill gléasta in éadaigh a mháthar.  Bíonn ‘láir bhán’ ag lucht an dreoilín i gCiarraí. Thart ar 70 bliain ó shin a tosaíodh ag bualadh bodhráin den chéad uair i lucht an dreoilín nuair a bhíothas ag tosú ag seinm an bhodhrán i seisiúin ceoil thraidisiúnta.

Ag brath ar an áit, bheadh an t-airgead caite ar ól agus ragairne an lá sin nó go gairid ina dhiaidh, nuair a bheadh ‘damhsa an dreoilín’ eagraithe idir lucht an dreoilín agus na cailíní áitiúla, ag léiriú go bhfuil baint ag síolmhaireacht leis an traidisiún seo.

Deir na saineolaithe ar nós Sylvie Muller gur traidisiún a théann siar go haimsir págánach é Lá an Dreoilín. Sa lá atá inniu ann bíonn cailíní mar chuid de lucht an dreoilín agus ní mharaítear éan a thuilleadh. Forbairt mhaith i mo thuairim. 

Foinsí: Mag Eacháin, C. (2022) Ó Cheann Ceann na Bliana – Nósanna an Fhéilire in Éirinn. An Spidéal: Cló Iar Chonnacht

Ó Súilleabháin, S. (1937) Lámhleabhar Béaloideasa. Baile Átha Cliath: Cumann le Béaloideas Éireann

Tá cáilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín i mBéaloideas na hÉireann ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.